Roinnt de na scríbhneoirí is mó a shaothraigh prós agus filíocht dhúchasach na tíre san fhichiú haois. Má thugann tú leabhar ar bith ó láimh duine de na scríbhneoirí seo do chara, is cinnte gur cara buan a bheidh agat feasta!
Is traidisiún nua do Lá ‘le Bríde atá i Leabhra Feabhra. Ní eagraíocht é agus ní fhaigheann sé urraíocht ná deontas, agus go deimhin, níl na nithe sin de dhíth air. Is le hobair dheonach ar fad a cuireadh an póstaer (agus chuile rud eile a bhaineann le Leabhra Feabhra) ar fáil. Mar sin de, buíochas le hAibhistín Ó Duibh, Dónall Foley, Seán Ó Riain agus Katie Ní Loinsigh a chuidigh ar bhealaí éagsúla leis an bpóstaer. Agus buíochas mór ó chroí leis an dearthóir agus ealaíontóir, Jack Ó Drisceoil.
Advertisements

feile nua na leabhar gaeilge ar fud an domhain
MoladhMoladh
Is e an trua go bhfui siad ar fad marbh. Ba dheas a leitheid de phostaer d’udair bheo.
MoladhMoladh
Maith sibh as seo! Agus maith sibh as an bhfeachtas ar an gcéad dul síos, dá bharr tá i bhfad níos mó cainte ar Leabhar agus Litríocht ar RnaG agus TG4. Treise libh!
MoladhMoladh