“Mo thrí thrua naoi n-uaire a mbaois – d’fhágadar seilbh againn ar mhairbh na bhFiann”

Tamall de laethanta ó shin cuireadh tús le tógáil an Ionaid Oidhreachta atá sé beartaithe a chur le Teach an Phiarsaigh i Ros Muc. Tá an Piarsach luaite go mór leis an óráid cháiliúil a thug sé cois uaigh Dhiarmada Uí Dhonnabháin Rosa an 1 Lúnasa 1915, agus go deimhin tá bileog dheas ar fáil i dTeach an Phiarsaigh ina bhfuil téacs na cainte a rinneadh an lá sin. Is i mBéarla a dúradh an chuid is mó den chaint (uaidh “Dhealraigh sé…” ar aghaidh, thíos) ach is cuí, ós ní é go bhfuil tréimhse thábhachtach chuimhneacháin i stair na hÉireann buailte linn, agus ós ní é go raibh ainbhéarsáid bhás an Donnabhánaigh ann le deireaneas, is cuí meabhrú do dhaoine gurb ann do leagan Gaeilge den óráid.

Ag seo an tiontú a rinne an ‘saor teangan’ Seán Ó Lúing ina leabhar Ó Donnabháin Rosa II (Sáirséal agus Dill, 1979). (Rinneadh leasuithe beaga ar an mbuntéacs.)

 

An Piarsach (1)

A Ghaela,

Iarradh ormsa labhairt inniu ar son a bhfuil cruinnithe ar an láthair seo agus ar son a bhfuil beo de Chlanna Gael, ag moladh an leoin a leagamar i gcré anseo agus ag gríosú mheanma na gcarad atá go brónach ina dhiaidh.

A chairde, ná bíodh brón ar éinne atá ina sheasamh ag an uaigh seo, ach bíodh buíochas againn inár gcroíthe do Dhia na ngrás a chruthaigh anam uasal álainn Dhiarmuda Uí Dhonnabháin Rosa agus a thug ré fhada dó ar an saol seo.

Ba chalma an fear thú, a Dhiarmuid. Is tréan a d’fhear tú cath ar son chearta do chine, is ní beag ar fhulaing tú; agus ní dhéanfaidh Gaeil dearmad ort go brách na breithe.

Ach, a chairde, ná bíodh brón orainn, ach bíodh misneach inár gcroíthe agus bíodh neart inár gcuislí, óir cuimhnímis nach mbíonn aon bhás ann nach mbíonn aiséirí ina dhiaidh, agus gurb as an uaigh seo agus as na huaigheanna atá inár dtimpeall a éireoidh saoirse Gael.

Dhealraigh sé a bheith ceart sula dtiontóimid aghaidh ón láthair seo ina bhfuil corp Uí Dhonnabháin Rosa curtha againn, go ndéanfadh duine againn, thar ár gceann go léir, moladh an fhir chalma sin a labhairt, agus tabhairt faoin smaoineamh agus an dóchas atá ionainn a nochtadh ag seasamh dúinn ar imeall a uaighe. Agus má tá aon ní ann a thug gur chóir gur mise a labhródh anseo seachas duine éigin eile, mise seachas duine de na fir fholtliatha úd a bhí óg ina theannta agus a bhí páirteach leis ina shaothar agus ina chruatan, is é rud é b’fhéidir ná gur duine óg mise atá in ainm a bheith ag labhairt thar ceann glúin nua a athbhaisteadh i gcreideamh na bhFíníní agus atá tar éis é ghabháil de gheasa orthu féin cuspóir na bhFíníní a chomhlíonadh. Cuirim in bhur láthair dá bhrí sin go nglacaimid arís le baiste na hathnuachana ar bhruach uaigh an fhir Féinne seo nár shéan Fíníneachas; go n-iarrfaimis, ar bhord uaigh an churaidh seo nár ghlac riamh le cloí agus nárbh fhéidir cloí, go n-iarrfaimis gach duine againn ar a shon féin, rún aigne foirtil, misneach chomh hardchalma, neart anama chomh dearbh dobhriste agus bhí ag Ó Donnabháin Rosa. Tugaimid go deonach le fios don saol anseo, faoi mar thug seisean le fios i ngabhann na gallchúirte, nach bhfuil le freastal againne mar Éireannaigh ach an t-aon dílseacht amháin. Sinne a bhaineann le hÓglaigh na hÉireann, agus sibhse atá i gcomhar linn i saothar an lae seo, táimid nasctha agus ní foláir dúinn seasamh le chéile feasta inár n-aontas bráthar chun saoirse na hÉireann a bhaint amach. Agus ní heol dúinne ach an t-aon tuairisc amháin ar shaoirse: sin é tuairisc Tone, sin é tuairisc Mhitchel, sin é tuairisc Rosa. Ná cuireadh aon fhear masla ar an gcúis sin trí aon teideal ná tuairisc eile a cheapadh dó ach amháin an teideal agus an tuairisc a cheap siadsan dó a shaothraigh le fuil a gcroí ina chomhair, clanna básaithe Éireann.

Ní buairt ná brón atá orainn ag seasamh le hais uaigh Rosa ach uaillghairdeas meanman gur tugadh dúinn bheith i gcairdeas anama chomh dlúth leis an nGael sárchróga seo. Cothaítear cúiseanna naofa lonracha ag fir atá naofa lonrach iad féin. Bhí Ó Donnabháin Rosa lonrach ina cháilíocht mhaorga fir, lonrach ina ghrás curata, lonrach leis an neart agus an léargas agus an fhírinne ghlé Ghaelach a bhí fuinte ann. Agus bhí an lonracht agus an mhaorgacht agus an neart uile sin ag gabháil le dúthracht umhal shimplí ar son na hÉireann, le gach a raibh sean agus álainn agus Gaelach, le naofacht agus fíre thírghrách leithéid Mhichíl Uí Chléirigh nó Eoghain Uí Ghramhnaigh. Chonacthas do shúile glé glana an fhir seo, agus dósan amháin beagnach ina ré, fís na hÉireann faoi mar ba mhaith linne go deimhin í a bheith – Éire saor agus fós í Gaelach; Éire Gaelach gan práinn ar shaoirse.

I gcaidreamh spioradálta níos gaire dúinn leis anois ná riamh cheana nó b’fhéidir choíche arís, i gcaidreamh spioradálta leis na fir, beo agus marbh, a fuair anró ina theannta ina lá i bpríosúin Shasana, i gcaidreamh meanman freisin lenár gcomrádaithe ionúine féin atá ag fulaingt i bpríosúin Shasana inniu, agus ag labhairt dúinn thar a gceannsan farainn féin, cuirimid faoi gheall ar son na hÉireann ár n-ansacht, agus in aghaidh cheannas Shasana in Éirinn ár ndeargfhuath. Áit síochána an áit seo, loc beannaithe na marbh, inar chóir dúinn labhairt leis an uile charthanas agus cuibheas, ach creidim, faoi mar a chreid Ó Donnabháin Rosa, gur Críostaí an rud é fuath a thabhairt don olc, fuath a thabhairt don bhréag, fuath a thabhairt don ansmacht, agus le neart fuatha dóibh, aghaidh a thabhairt ar a dtreascairt. Tá ár naimhde tréan agus eolach airdeallach; ach má tá siad féin tréan agus eolach agus airdeallach ní féidir leo náid a dhéanamh d’fhearta Dé, a thugann bláth i gcroí na bhfear óg ar an síol a chuir na fir óga a bhain le glúin a chuaigh rompusan. Tá bláth míorúilteach ag teacht inniu ar an síol a chuir fir óga ’65 agus ’67. Ní mór do lucht Rialaithe agus Cosanta na dTiarnas a bheith aireach más áil leo gluaiseachtaí dá shórtsan a shárú. Bláthaíonn beatha ó bhás, agus éiríonn náisiúin bheo aníos ón úir a chumhdaíonn taisí na laoch, idir fhir agus mhná. Tá gnó deisiúil déanta os ard agus os íseal ag Cosantóirí an Tiarnais seo. Is dóigh leo go bhfuil Éire ceansaithe acu. Is dóigh leo go bhfuil a leath againn ceannaithe acu agus an leath eile scanraithe. Is dóigh leo go bhfuil gach bearna dúnta acu agus gach réiteach curtha i ndeimhin acu, ach mo thrí thrua naoi n-uaire a mbaois – d’fhág siad seilbh againn ar mhairbh na bhFiann agus fad a bheidh taisí na bhfear sin in úir na hÉireann ní bheidh Éire, in uireasa na saoirse, go brách ar suaimhneas.

NB: Tá cóipeanna de Ó Donnabháin Rosa II ar díol ag Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge, agus má tuilleadh eolais uait i dtaobh Mhic Uí Lúing agus na saothar dá chuid a d’fhoilsigh Sáirséal agus Dill, is fiú go mór fios a chur ar chóip den leabhar álainn suimiúil Sáirséal agus Dill, 1947–1981: Scéal Foilsitheora (Cló Iar-Chonnacht, 2015).

 photo sol

Advertisements

2 thoughts on ““Mo thrí thrua naoi n-uaire a mbaois – d’fhágadar seilbh againn ar mhairbh na bhFiann””

  1. Is trua go bhfuil cúpla botún le sonrú in athscríobh na hóráide anseo. Mar shampla: “Is dóigh leo go bhfuil Éire ceannaithe acu. Is dóigh leo go bhfuil a leath againn agus an leath eile scanraithe.” Is é an leagan ceart mar a scríobh Ó Luing é ná: “Is dóigh leo go bhfuil Éire ceansaithe acu. Is dóigh leo go bhfuil a leath againn ceannaithe acu agus an leath eile scanraithe.”

    Moladh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s