Saol na mBeach

Saol na mbeach
Tamall ó shin agus mé ag póirseáil thart i siopa leabhar tháinig mé ar leabhar rímhaith nach raibh aon trácht cloiste agam air, .i. Saol na mBeach le Máirtín Ó Corrbuí (Clódhanna Teoranta, 1974). Leabhar tanaí é, ach más ea féin, tá sé lán d’eolas suimiúil faoin bhfeithid mheabhrach úd, an bheach. Seo thíos sliocht as ina gcuirtear síos ar an gcóras cumarsáide sofaisticiúil atá ag an mbeach.
 

Gnéithe eile d’iontais na mbeach a bhí á dtaighde ag an Ollamh Von Frisch, feithideolaí cáiliúil a chónaigh in München. Chaith sé a shaol ar fad, nach mór, ag iarraidh eolas ar na beacha a bhailiú, agus go háirithe ag iarraidh a dhéanamh amach cén chaoi ina labhraíonn siad lena chéile. Tuigeadh dó go raibh ar a gcumas “labhairt” – go raibh teanga dá gcuid féin acu. Murach go raibh, conas a thiocfadh le beacha a bhí amuigh ar lorg neachtair agus pailin toradh a gcuid cuardaigh a chur in iúl dá gcompánaigh? Bhí sé lánsásta go raibh ar a gcumas é sin a dhéanamh – a insint dóibh cén fad ón gcoirceog a bhí na rudaí sin le fáil, agus cén treo ba cheart dóibh dul chun teacht orthu.

Seo é an tuairisc a thug sé ar a “gcomhrá”: má bhíonn beach amuigh ag lorg bia, agus má thagann sí ar áit ina bhfuil na bláthanna flúirseach, agus go leor neachtair ar fáil, filleann sí ar an gcoirceog, agus tar éis di scaradh lena hualach féin insíonn sí an scéal mór dá cairde – cén treo ón gcoirceog a bhfuil na bláthanna; cén fad ón gcoirceog iad; cén cineál bláthanna iad; agus cé mhéad beach ba chóir a chur ann chun an stór bia a thabhairt abhaile. Chun an t-eolas sin go léir a thabhairt dóibh cuireann sí chun oibre ar shlite éagsúla. Bíonn sí, mar shampla, go suaite corraithe d’fhonn spéis a comrádaithe a mhúscailt. Bíonn sí tuathalach amscaí ina gluaiseachtaí. Tugann na geáitsí sin le tuiscint do na beacha eile go bhfuil na bláthanna aimsithe aici, go bhfuil an neachtar flúirseach iontu, agus nach mór dóibh dul á bhailiú láithreach – agus dá chorraithe is dá thuathalaí í is ea is milse agus is flúirsí an stór, is ea is gaire don choirceog é, agus is ea is mó an líon beach a bheidh ag teastáil chun é a thabhairt abhaile.

Tá cuid dá scéal nach deacair di a chur in iúl – is é sin an saghas bláthanna atá i gceist – mar go leanann boladh na mbláthanna sin dá corp agus tuigtear do na beacha eile nach fiú bacadh le cineál ar bith nach iad. Thig leo leis, ar ndóigh, an neachtar nó an pailin a thug an ceannródaí abhaile a bhlaiseadh chun an cineál bláthanna a aithint.

Rud eile é, áfach, treo na háite ón gcoirceog a léiriú, ach sáraíonn an bheach an deacracht sin chomh maith trí dhamhsa a dhéanamh i láthair na mbeach eile, agus braitheann an saghas damhsa a dhéanann sí ar an eolas atá le tabhairt aici. Damhsa i ndeilbh 8, mar shampla, cuireann sé in iúl go bhfuil na bláthanna in aice láimhe. Damhsa gan fuinneamh agus a heireaball á luascadh anonn is anall ag an damhsóir – is ionann sin is a rá go bhfuil na bláthanna i bhfad ó bhaile. Má sheasann an bheach agus an damhsa ar siúl aici, i gcaoi go bhfuil a corp go hingearach ar an gcíor, ciallaíonn sé sin gur i dtreo na gréine atá na bláthanna. Ach má sheasann sí go hingearach ar a ceann, mar a déarfá, is sa treo eile ba chóir dóibh dul – is é sin, agus an ghrian ar a gcúl.

Tá Saol na mBeach ar díol ag siopa leabhar Chonradh na Gaeilge agus ag Litriocht.com. Níl sé ródhéanach cóip de a cheannach mar fhéirín sula rachaidh lascainí na ndíoltóirí leabhar in éag.

Leabhar eile faoin mbeach, do pháistí, is ea Seo Agat Beacha, ceann de “s[h]raith ghleoite de cheithre leabhar eolais faoi na feithidí is suimiúla ar domhan, feithidí a bhíonn thart orainn an t-am go léir.” Agus ansin, más mian leat leabhar a cheannach atá ag dul i bhfad siar, tá Bechbretha ann, leabhar a scríobhadh, meastar, i dtrátha na bliana 750. Tá an saothar seo ar cheann de na foinsí eolais is ársa dá bhfuil ann faoin mbeachadóireacht in Iarthar na hEorpa, agus is uaidh a tháinig roinnt de na téarmaí beachadóireachta a úsáidtear i nGaeilge an lae inniu.

N.B. Ar an drochuair, is i mBéarla amháin atá na nótaí, an tráchtaireacht, srl. in Bechbretha, agus is é an scéal céanna é maidir le foilseacháin uile Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath sa réimse seo, is cosúil. Is trua go bhfuil caoi á ceilt ag an Institiúid Ard-Léinn, comhlacht stáit , ar phobal na Gaeilge eolas a shealbhú ina dteanga féin ar shaíocht a sinsear. Luaigh Seosamh Mac Grianna an cheist seo ina aiste mháistriúil ‘Ár ndúchas – Ár gcinniúint’, in Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eilesiar sa bhliain 1936: “An chéad rud atá riachtanach [chun litríocht na Gaeilge a chur ar a bonnaí] an tseanlitríocht a chur i gcló agus litriú an lae inniu uirthi, agus gan míniú ar bith i mBéarla uirthi.” Is beag atá athraithe ó shin – An Táin féin, níl leagan údarásach de ar fáil i nGaeilge an lae inniu. Nach bhfuil aon fhoilsitheoir ann a d’fhéacfadh le sin a leigheas?
 
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s