SAÍOCHT & DRAÍOCHT NA SEANLEABHRA (2): Fáthscéal na hUaimhe

plato_-_allegory_of_the_cave

Is éard atá i bhFáthscéal na hUaimhe fáthscéal nó allagóire a chuir Platón fealsúnaí i láthair, i bhfoirm dialóige, ina shaothar An Phoblacht. Cuirtear i láthair an léitheora scata daoine atá i bpluais dhorcha faoi thalamh ó rugadh iad. Tá geimhle orthu agus tá siad chomh daingnithe chomh teanntaithe sin nach féidir leo corraí ná fiú a gceann a chasadh thart. Tá tine curtha síos taobh thiar díobh agus feiceann siad, ar an mballa, scáil rudaí atá ag dul thar bráid taobh thiar díobh, agus tugann siad ainmneacha ar na rudaí sin. Níl de thuiscint acu ar an réaltacht ach na scáileanna sin. Ansin, cuirtear i gcás go dtéann ag duine de na cimí imeacht ón bpluais amach os cionn talún. Feiceann sé an fíorshaol agus, ar fhilleadh ar an bpluais dó, féachann sé le cur i dtuiscint do na daoine atá fós ina gcimí nach bhfuil sna híomhánna a fheiceann siad ar an mballa ach scáil den réaltacht. Siombail den fhealsúnaí sa tsochaí atá sa duine.

An té a bhfuil cur amach aige ar an mBíobla, chuirfeadh fáthscéal na huaimhe an sliocht seo i gcuimhne dó: “Óir feicimid anois mar a bheadh go doiléir i scáthán; ach feicfimid éadan a chéile an t-am sin” (1 Corantaigh, 13:12).

Seo thíos an insint atá ag Seoirse Mac Tomáis ar an bhfáthscéal in Tosnú na Feallsúnachta.

Fáthscéal na hUaimhe

Tá sé ráite, nuair a bhí Sócraitéas ag druidim isteach le deireadh a shaoil, gur taibhríodh dó oíche amháin gur tháinig eala, éan Apaill, tríd an aer chuige agus í ag píobaireacht go binn, agus lá arna mhárach ina dhiaidh sin gur casadh air ógfhear dea-chumtha córach gurbh ainm dó Platón, ionas gur thuig sé gurb é siúd an eala a chonaic sé sa taibhreamh. Pé cuma é, mura mbeadh Platón, is beag eolas a bheadh againn ar Shócraitéas; mar bhíodh sé ag smaoineamh i gcónaí ar a mháistir a fuair bás as ucht na fírinne, agus ós uaidh sin a tháinig solas na fírinne isteach ina anam féin, is trína bhéal sin a nochtadh sé a smaointe don saol. Níor scríobh aon duine riamh prós ab aoibhne ná an prós a scríobh Platón. Cuireann sé síos i leabhar amháin ar chomhrá a tharla lá féile idir Sócraitéas agus beirt deartháireacha dó féin, Adímantus agus Glaucón, a bhí an uair sin i gcéad-bhláth na hóige; agus i gcaitheamh an chomhrá d’inis Sócraitéas dóibh an scéal seo thíos. Is é féin atá ag caint:

Anois, arsa mise, cuir ár nádúir féin, maidir le hoideachas agus le ceal oideachais, i gcomparáid le scéal éigin mar seo. Cuimhnigh ar dhaoine a bheadh ina gcónaí in uaimh thalún, béal fada ar an uaimh ar leathadh ó thaobh taobh agus é iompaithe i dtreo an tsolais. Tá siad anseo istigh óna n-óige agus iad faoi chuibhreach, idir cheann agus chosa, sa tslí go bhfanann siad mar sin gan féachaint in aon treo ach amháin ar a n-aghaidh amach, mar ní féidir leo a gceann a iompú siar de dheasca na gcuibhreach; ach tá solas tine thuas os a gcionn agus é tamall siar uathu ar a gcúl; agus in airde idir an tine agus na príosúnaigh tá bóthar a bhfuil balla tógtha lena thaobh, ar nós na bhfálta sin a bhíonn ag na foilcheadóirí os comhair na ndaoine agus iad ag taispeáint a gcleas os a gcionn.

Feicim an méid sin, arsa Glaucón.

Feic ansin feadh an bhalla daoine ag iompar gach saghas earraí agus iad ardaithe suas acu thar bharr an bhalla. Dealbha de dhaoine agus d’ainmhithe a bhíonn ar iompar acu, cuid acu déanta de chloch, cuid eile acu d’adhmad, agus mar sin díobh; agus bíonn cuid de na daoine ag caint, agus cuid eile acu ina dtost.

Is ait é mar chosúlacht agus is ait iad mar phríosúnaigh, ar seisean.

Is geall linn féin dóibh, arsa mise. Óir an dóigh leat go bhfeicfeadh na daoine sin pioc díobh féin ná dá chéile ach amháin na scáthanna a chaitheann an tine ar an taobh thall den uaimh?

Ní fhéadfaidís é, ar seisean, dá mbeadh sé de cheangal orthu a gceann a choimeád gan chorraí ó thús deireadh a shaoil.

Agus an bhfeicfidís na hearraí úd a bhíonn ar iompar ach oiread?

Nach é an scéal céanna leo siúd acu é?

Is é.

Agus dá mb’fhéidir leo caint le chéile, nach dóigh leat go ndéarfaidís gurb iad na rudaí fírinneacha a d’fheicidís ag gabháil thart?

Gan amhras.

Agus, dá mbeadh macalla freisin ann ón dtaobh thall den uaimh, pé uair a d’fhaigheadh duine den lucht iompair feadh an bhóthair agus é ag caint, nach é an scáth a cheapfaidís a bheadh ag caint agus é ag gabháil thart os a gcomhair.

Dar mo bhriathar gurb é mhuise, ar seisean.

Is furasta aithint, mar sin, gurb amhlaidh a cheapfadh na daoine sin gurb ionann an fhírinne agus scáthanna na ndéantús úd.

Níl dabht air, ar seisean.

Cuimhnigh anois, arsa mise, conas mar a bheadh an scéal acu dá bhfaighidís fuascailt óna gcuibhrigh agus leigheas a ndíchéille. Scaoiltear le duine acu agus cuirtear d’iachall air go tobann éirí ina sheasamh agus a cheann a iompú, agus siúil ar a chosa agus aghaidh a thabhairt ar an solas. Cuirfidh an obair sin go léir tinneas air, agus ní ligfidh an gealán dó féachaint i gceart ar na rudaí sin gur díobh na scáthanna a d’fheiceadh sé roimhe sin. Agus cad a déarfadh an duine sin, dar leat, dá ndéarfá leis nach raibh le feiceáil aige cheana ach taibhsí gan éifeacht, ach anois go raibh sé níos giorra don fhírinne mar go raibh rudaí níos fíre aige le feiceáil agus radharc níos dírí aige orthu? Agus dá nochtfá ina dhiaidh sin dó na daoine go léir a bhíodh ag gabháil an bóthar agus ag iarraidh air a rá cad iad, nach dóigh leat go mbeadh sé dall amach orthu agus go gceapfadh sé gurbh fhíre na rudaí a d’fheiceadh sé roimhe sin ná na rudaí a bhí le feiceáil aige an uair sin?

Cheapfadh go deimhin.

Agus dá gcuirfí d’iachall ansin air féachaint ar an solas féin, nach dóigh leat go dtiocfadh tinneas ina shúile agus go gcúlódh sé uaidh agus go dtiontódh sé arís ar na rudaí ab fhéidir leis a fheiceáil, agus é ag ceapadh go raibh siad i bhfad níos léire ná na rudaí a chonaic sé ó shin?

Sea, ar seisean.

Agus, arsa mise, dá ndéanfá é a tharraingt go hainneonach an bóthar ard achrannach aníos as an uaimh agus gan greim a bhogadh de nó go mbeadh sé amuigh faoin ngrian agat, nach dóigh leat go mbeadh sé ciaptha cráite an fhad a bheifeá á tharraingt, agus ina dhiaidh sin go mbeadh sé chomh dall sin ag solas na gréine nach bhféadfadh sé pioc a fheiceáil de na rudaí a déarfá anois leis a bheith fíor?

Ní fhéadfadh sé iad a fheiceáil, gan aga a thabhairt dó, ar seisean.

Níor mhór dó taithí, is dóigh liom, chun na rudaí atá anseo thuas a fheiceáil. Is iad na scáthanna is túisce a d’fheicfeadh sé, agus ansin íomhánna in uisce ó dhaoine agus ó rudaí eile, agus mar sin dó riamh agus choíche nó go bhfeicfeadh sé na coirp neamhaí agus an spéir, ach amháin gur shaoire dó ar dtús féachaint ar sholas na réiltíní agus na gealaí istoíche ná féachaint ar an ngrian agus ar sholas na gréine de ló.

Sea go díreach.

Agus sa deireadh thiar d’fheicfeadh sé an ghrian – ní íomhánna di a deirim in uisce ná in aon áit eile, ach ag féachaint go seasmhach ar an ngrian féin ina suí féin de réir mar atá sí inti féin go fírinneach.

Gan amhras, ar seisean.

Agus ansin chuimhneodh sé gurb í an ghrian atá ina bun le tráthanna na bliana agus leis na blianta féin, agus gurb í atá i gceannas ar gach a bhfuil le feiceáil sa saol infheicthe, agus gurb í freisin, ar shlí, faoi deara na scáthanna sin a bhíodh le feiceáil san uaimh.

Ní foláir nó thiocfadh sé air sin sa deireadh, ar seisean.

Agus, nuair a thabharfaidh sé chun cuimhne an t-áitreabh sin a bhí aige ar dtús agus an t-eolas a bhain léi agus na príosúnaigh a bhí ina theannta, nach dóigh leat go mbeidh áthas air de bharr an athraithe agus trua aige do na príosúnaigh eile?

Beidh, mhuise.

Agus cuir i gcás go mbeadh onóir agus ardmholadh agus duaiseanna ag na príosúnaigh sin dá chéile, pé duine acu ab fhearr a thabharfadh faoi deara na rudaí a bhíodh ag gabháil thart, agus a chuimhneodh ar cé acu díobh a thagadh roimh a chéile nó i ndiaidh a chéile nó i dteannta a chéile, sa tslí go mbeadh sé níos fearr ná an chuid eile chun an aimsir a bhí chucu a réamhaithris: nach dóigh leat gur beag an caitheamh a bheadh ag mo dhuine i ndiaidh a nduaiseanna agus gur beag an formad a bheadh aige leis an dream a d’fhaigheadh onóir ina measc nó ceannas os a gcionn?

Nach dóigh leat gurbh fhearr go mór leis, mar a dúirt an file, “beatha ar thalamh ina sclábhaí ag fear gan acmhainn,” agus gur chuma leis cén rud a tharlódh dó ach amháin gan barúil mar siúd ná beatha mar siúd a bheith aige?

Sea, ar seisean, is dóigh liom gur chuma leis ach amháin an saoi úd a sheachaint.

Agus cuimhnigh air seo – dá rachadh an duine sin síos agus suí sa tseanáit arís, nach mbeadh a shúile lán de dhorchadas toisc é bheith tagtha chomh tapaidh ó sholas na gréine?

Is fíor, mhuise, go mbeadh.

Agus cuir i gcás ansin go gcaithfeadh sé dul arís i gcomórtas leis an dream eile a bhí riamh ag iarraidh na scáthanna úd a aithint thar a chéile, nach é an chuma a bheadh an scéal aige, an fhaid a bheadh roithleán fós ina shúile (agus is dócha go dtabharfadh sé tamall maith mar sin sula rachadh sé i dtaithí arís), go mbeadh na daoine eile ag magadh faoi, á rá nach bhfuair sé de bharr an turais suas ach a shúile a lot air féin agus nár cheart fiú amháin iarracht a dhéanamh ar dhul suas? Agus, dá mbeadh seisean ag iarraidh iad a fhuascailt agus a thabhairt leis in airde, agus slí acu siúd ar lámh a leagan air, nach dóigh leat go maróidís é?

Cinnte, ar seisean.

Anois, arsa mise, a Ghlaucón, a chroí, caithfimid an chosúlacht sin a chur in oiriúint don chaint go léir a bhí againn roimhe sin – an príosún a shamhlú leis an saol infheicthe agus solas an phríosúin le cumhacht na gréine; agus ansin, má chuireann tú an turas suas agus radharc an tsaoil thuas i gcomparáid le turas an anama suas go dtí an saol insmaointe, ní rachaidh tú amú ar an dóchas atá agamsa as an anam, agus sin é a theastaigh uait a chloisteáil uaim. Ag Dia atá a fhios an fíor dom é mar dhóchas, ach seo mar a léimse ar an scéal. I saol an eolais, is ídé na Maithe is déanaí a fheictear, agus is deacair í a fheiceáil; ach ní túisce a fheictear í ná a thuigtear gurb í atá ina bun le gach rud ceart agus álainn; gurb í féin is máthair, sa saol infheicthe, don solas agus do thiarna an tsolais, agus gurb í féin tiarna an tsaoil insmaointe óna shíolraíonn fírinne agus intleacht, agus an té nach bhfeiceann í, nach féidir dó aon ghnó, poiblí ná príobháideach, a dhéanamh go tuisceanach.

Táim ar aon aigne leat, ar seisean, chomh fada agus atá ionam.

Sea, mar sin, arsa mise, bí ar aon aigne liom sa mhéid seo chomh maith – ná bíodh aon ionadh ort má bhíonn leisce ar dhaoine atá tar éis teacht anuas anseo roimh gnóthaí daonna a thógáil orthu féin, agus má bhíonn imní ar a n-anam i gcónaí chun a saol a chaitheamh ansiúd in airde; óir sin é mar a bhíonn siad, is dóigh, má tá siad ar aon dul leis an duine a dúramar sa chosúlacht.

Sin é, is dócha.

Más ea, an dóigh leat gurb aon ionadh é duine atá tagtha ó aislingí neamhaí anuas go dtí olc na ndaoine, má bhíonn sé ciotach nó más ceap magaidh é, nuair a chuirtear d’iachall air, gan taithí fós aige ar dhorchadas na háite, dul i dtreis le daoine eile i gcúirteanna dlí mar gheall ar scáthanna córa nó ar scáthanna íomháineacha den chóir agus aighneas a dhéanamh i dtaobh na gcumaí a shamhlaíonn siad do dhaoine nach bhfaca riamh an chóir féin?

Níorbh aon ionadh dó, ar seisean.

Níorbh ea, arsa mise, ach chuimhneodh duine tuisceanach gur féidir daille teacht ar na súile ar dhá shlí – de réir mar aistríonn duine ó sholas go doircheacht, nó ó dhoircheacht go solas, agus, má thuigeann sé gur féidir an dá scéal sin titim amach ar an anam, nuair a fheicfidh sé anam ar mearbhall agus gan radharc aige ar aon ní, ní bheidh sé ag fonóid faoi ach cuirfidh sé an scéal faoi scrúdú, féachaint cé acu atá an t-anam sin tar éis teacht anuas ó shaol is gile ná an saol seo, sa tslí gur ceal taithí faoi deara é bheith dall, nó an amhlaidh atá sé ag éirí in airde as aineolas go dtí rud is gile ná aineolas. Sa tslí gurb é sin faoi deara é bheith ar mearthall; agus leis sin, más ag teacht anuas atá sé, tréaslóidh sé leis an saol agus an scéal atá aige; agus más ag gabháil suas atá sé, glacfaidh sé trua dó, agus, má thagann fonn gáire air, ba lú de chúis gháire an gáire sin ná an gáire a dhéantar faoin anam a thagann ón solas atá in airde.

Tá an chaint sin an-cheart, arsa Glaucón.

CRÍOCH.

As Tosnú na Feallsúnachta (1935, Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais), Seoirse Mac Tomáis. Fiachra Ó Muircheartaigh a chóirigh an sliocht.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s