Saíocht agus draíocht na seanleabhra (5): Gleann an Áir

An drochshaol
Ag seo sliocht as an úrscéal Gleann an Áir leis an gCanónach Ó Síothcháin (1937, Tomás de Bhial a d’aistrigh), sliocht ina bhfuil cuntas corraitheach ar uafás an Drochshaoil.

An té a dhéanfadh léamh agus machnamh ar ainnise na haimsire úd, ní hé an méid a cailleadh ba mhó ab ionadh leis, ach a liacht a mhair, agus a mhair go cuibheasach compordach, na blianta roimh theacht na hainnise. Thaispeánfadh seandaoine duit inniu áiteanna a raibh bailte tuaithe, tráth roimh theacht don ghorta, agus nár fhan a rian ná a dtuairisc ann ina dhiaidh nó ó shin. Bhíodh ceardaithe de gach cineál ina gcónaí iontu – fíodóirí, snoíodóirí, saoir cloiche, siúinéirí, gaibhne, srl. Ní hamhlaidh nach bhfuil dealús fós in Éirinn, ach bíodh sin mar atá, is ceist gan réiteach againne anois é conas a mhair siad siúd ar aon chor an aimsir sin. Tá an talamh chomh torthúil agus a bhí an uair úd agus gan ach leath an oiread daoine ag brath uirthi. Tá daoine ag gearán inniu ar a dheacracht maireachtála agus más fíor sin, conas a mhair éinne in aon chor an uair úd?
Agus mar sin féin, an beagán den seandream sin atá ina mbeatha fós, déarfaidís leat, agus níor ghá leat de chruthú air ach féachaint orthu féin, go raibh fir ann an uair úd, agus gan de bhia acu ach prátaí agus bainne, agus gur thréine agus threise iad ná éinne ar a shliocht, gur neamhní leo cruatan dá ghéire, agus go ndéanfaidís a dhá oiread oibre. Nuair a chuimhneofá go raibh a mbeatha ag brath ar an bpráta, agus gan idir iad agus ocras ach é, sin é an uair a thuigfeá an scéin agus an scanradh agus an diomachroí a tháinig do na daoine bochta, nuair a tháinig fómhar na bliana ’47, agus ’48 ina dhiaidh, agus nuair a mothaíodh an boladh san aer – boladh bhás an phráta. Is scanradh le daoine inniu féin an boladh úd agus is geit do dhaoine cuimhneamh air. Má bholaíonn feirmeoir, nó fear oibre, san aer é tráthnóna aoibhinn fómhair, isteach leis ina fhear dobrónach. Má léitear ar pháipéar go bhfuiltear tar éis an ‘bhleaist’ a fheiceáil san Iarthar, is ábhar creatha croí do dhaoine fós é. Ach cad é an éifeacht é teacht anois, seachas an uair úd nuair nach raibh de bhia acu ach an práta agus doirse ghráinseach an mhórmhachaire i Meiriceá gan oscailt, agus go mbeadh na mílte ar lár ag an mbás, sula mbeadh sé d’uain aon lámh chabhrach a shíneadh chucu.
Agus dar ndóigh cailleadh iad. Cailleadh ina gcéadta iad, agus ina mílte agus ina gcéadta míle. Cailleadh sna tithe iad, agus sna páirceanna iad, agus ar thaobh an bhóthair, agus sna díoga. Cailleadh d’ocras agus d’anró iad, ach ba leis an éagruas ba mhó a cailleadh ar fad iad. Ba dhéistin leat cuimhneamh ar an aimsir úd. Samhlacha trochailte ag gluaiseacht rompu, a súile slogtha ina gceann ag féachaint ar a chéile, agus gan le feiceáil ina ngnúis ach comharthaí na hainnise. Ba thaibhsí iad ag taisteal tíre. Fir ab fhathaigh tráth agus gan a dtrian ann le hocras, iad ar crith ina mbalcaisí agus na balcaisí trí huaire rómhór dóibh, agus gan istigh iontu ach carn cnámh. Máithreacha ag iarraidh na bpáistí bochta a choimeád ó bhéicíl ag cur a mbeoilíní fuara gorma go gcíocha a bhí i ndísc. Daoine a bhíodh ag gabháil an bóthar, ba mhinic a d’fheicidís corp sínte cois claí, agus na súile ar oscailt, corp duine bhoicht éigin a chuaigh ar lorg na fothana agus a fuair bás amhlaidh sin. Bheadh dath bán an bháis ar a aghaidh agus dath glas ar a bheola, súlach an fhéir agus na neantóg. Bhíodh trucailí ó mhaidin go hoíche ag triall ar na reiligí, le hualaí corp gan chónra gan choifín. Ba mheasa na sin na bailte móra, gan aon siopa oscailte, tinte móra ar lasadh ag cúinní na sráideanna ag iarraidh an t-aer a ghlanadh; dochtúirí agus píosa feoil á cheangal acu ar pháipéar eitilte agus an píosa feola, tar éis tamaillín san aer, é lofa. Daoine bochta bailithe ag ionaid a bhí ceaptha ag an Rialtas, agus na méara á sá síos sa leite mine buí acu a bhíodh á fiuchadh (is náire le muintir na hÉireann, inniu féin, trácht ar leite mine buí, ná í a ithe de dheasca an bhaint a bhí aici leis an ngorta) agus d’ithidís le hairc í, cé go scalladh sí iad. Ní raibh sos aon am d’oíche ag sagart. Nuair a d’osclaíodh sé a dhoras, b’fhéidir gur trí chorp a thitfeadh ina bhaclainn chuige. Na créatúir! is ann a thagaidís chun bás a fháil. D’fheicfeá sagart ar a ghlúine, ar lathach na sráide faoin bhfearthainn, ag ullmhú duine chun báis agus scáth fearthainne á choimeád os a chionn, ar eagla an abhlann a fhliuchadh. Ní uaigheanna a bhaintí in aon áit ach uachais, faoi mar a bhíonn ar pháirc an chatha tar éis an áir, agus urnaithe na marbh á léamh os cionn fiche corp san am céanna. Na daoine a bhí saor ó aicíd, iad ag triall le dithneas ar na bailte cuain. Ba chuma leo go deimhin long dá olcas, agus níorbh eagal leo an turas, ná níor bhaol leo an fharraige. Bheith in aon áit ar domhan, i bhfad ó ionad na hainnise, sin é ba scim leo. Bhí na longa lán go bruach. An dream nach mbíodh slí dóibh, iad ina seasamh ar an gcalafort ag béicíl, scéin ina gcroí riamh fhiabhras is gorta. Ní fhéadfadh draíocht a gcuimhne siúd a dhíbirt as a n-aigne. Ní raibh ina n-aigne ach teitheadh, teitheadh! agus ní sos dóibh ón lá sin go dtí an lá inniu.
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s