Saíocht agus draíocht na seanleabhra (6): Alastar Mór agus an fealsamh

Alastar Mór
Alastar Mór agus Diogenes fealsamh ag casadh le chéile
Chruinnigh na Gréagaigh i gCuing na Corainte, agus mhol siad cogadh a dhéanamh fara Alastar agus faoina cheannas in aghaidh na bPeirseach. Tháinig mórán fear polaitíochta agus fealsúna ag triall air ann agus ag déanamh comhghairdis leis, agus bhí súil aige go ndéanfadh Diogenes Sinópach mar an gcéanna leo, mar is i gCoraint a bhí cónaí air. Ach ba shuarach a shuim sin in Alastar, agus d’fhan ar a shuaimhneas sa Chranium, an ball ina raibh sé. Más ea, chuaigh Alastar chuige. Ráinigh sé sínte faoin ngrian, agus nuair a bhraith sé an dlús daoine ag teacht ina chóngar, d’éirigh sé aniar beagán agus d’fhéach ar Alastar. Bheannaigh seisean dó, agus d’fhiafraigh de ar theastaigh aon ní uaidh. “Druid beagán as an ngrian,” arsa Diogenes. Deirtear go ndeachaigh an freagra i bhfeidhm ar Alastar, agus go ndearna sé iontas d’ardmhianach agus de mhóráil an duine a d’fhéach anuas air féin. Nuair a bhí siad ag filleadh, agus a chuallacht go magúil fonóideach i dtaobh an chúrsa, “Mura mbeadh gur mé Alastar,” ar seisean, “b’fhearr liom gur mé Diogenes”.

Beathaí Phlútairc (Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1936), Plútarc. Pádraig de Brún a d’aistrigh ón nGréigis.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s