Chuile Alt dár Scríobh leabhrafeabhra

An rud nach bhfuil luibh ná leigheas ina aghaidh

an-tsochraid-cois-toinne

Más duine thú a bhíonn ‘ag smaoineamh agus ag cuimhneamh’ ar an mbás, b’fhéidir go dtaitneodh Bás in Éirinn leat, cnuasach gearrscéalta a foilsíodh in 2011 agus a mbaineann gach ceann de na scéalta ann leis an mbás (tá sliocht as ceann acu le feiceáil sa phictiúr thuas.) Seo físeán spéisiúil ina dtráchtann duine d’eagarthóirí an leabhair, Aodán Mac Póilín (a fuair bás le deireanas), ar a bhfuil sa saothar agus ar an dearcadh speisialta atá ag muintir na hÉireann i leith an bháis dar leis, dearcadh a léirítear sna gearrscéalta sa chnuasach. Leabhar dátheangach is ea Bás in Éirinn, an téacs Gaeilge ar leathanach agus aistriúchán go Béarla ar an leathanach eile, is é sin leabhar téacs comhthreomhair.

Má tá tuilleadh ábhar léitheoireachta faoin téama seo uait b’fhiú go mór duit dhá leabhar a chuir An Sagart amach a fháil, mar atá Gnás na nEaslán agus Léachtaí do Dheasghnátha na Marbh. Ní leabhar léitheoireachta ceachtar den dá leabhar seo ach cuirfidh go leor daoine suim iontu arae tá siad ag cur thar maoil leis an áilleacht teanga sin atá á bheachtú ag an Eaglais leis na cianta chun sólás a thabhairt do dhaoine atá ar an dé deiridh agus do dhaoine atá faoi bhrón. A leithéid seo as Gnás na nEaslán (lch 69), a deirtear i bhfianaise duine atá ag saothrú an bháis:

Trí pháis agus aiséirí Chríost
go saora Dia uilechumhachtach thú ó gach uile
phionós ar an saol abhus agus ar an saol thall.
Go n-osclaí sé geataí na bhflaitheas duit
agus go bhfáiltí romhat isteach in aoibhneas na beatha síoraí.

nó an sliocht seo (Eagna 4: 7–15) a bhfuil aithne amuigh air, atá tugtha in Léachtaí do Dheasghnátha na Marbh:

Fiú amháin má fhaigheann an fíréan bás anabaí, beidh sé faoi shuaimhneas.
Óir ní fad saoil a thugann onóir don seanduine ná ní de réir líon a bhlianta a mheastar é.
Ach is í an eagna fíorléithe an duine agus beatha gan smál a fhíor-sheanaois.
Ba ríthaitneamhach le Dia é agus thug Dia grá dó; agus ó bhí cónaí air i measc peacach, aistríodh é.
Fuadaíodh é ar eagla go n-athródh an t-olc a thuiscint nó go meallfadh an chealgaireacht a chroí.
Óir milltear an mhaith le draíocht na baoise agus truaillíonn seachránacht na hainmhéine an aigne shaonta.
In achar ghearr tugadh chun foirfeachta é sa chaoi gur shlánaigh sé seal mór blianta.
Ba thaitneamhach a chroí leis an Tiarna; ar an ábhar sin thóg sé leis go tapa é ó lár an oilc.
Chonaic na daoine é seo ach níor thuig siad é ná ní mó ná rith sé leo go bhfaigheann muintir thofa an Tiarna grásta agus trócaire uaidh, agus go dtugann sé aire dá naoimh.

Tá go leor sleachta agus frásaí iomráiteacha eile lena chois sin sna leabhair seo, ar nós ‘Anois, a bháis, cá bhfuil do bhua? A bháis, cá bhfuil do chealg?’ (céadlitir N. Pól chuig na Corantaigh 15:55) agus ‘Glanfaidh sé gach deoir óna súile, agus ní bheidh an bás ann feasta, ná ní bheidh caoineadh ná olagón ná pian ann a thuilleadh, óir tá an seansaol thart’ (Apacailipsis 21:4), agus is deas agus is áisiúil teacht a bheith orthu san aon áit amháin.

Agus má tá an téama seo ina oibseisiún agat agus go bhfuil tuilleadh ábhar léitheoireachta fós uait, níorbh fhearr rud a dhéanfá ná Caitheamh Aimsire ar Thórraimh le Seán Ó Súilleabháin a cheannach, leabhar tanaí atá lán d’eolas suimiúil faoina mbíodh ar siúl ag daoine ar thórraimh in Éirinn san am atá caite. Ní miste a rá go bhfuil cuma an-deas ar an leabhar seo a bhuí lena dearadh simplí agus an saghas páipéir ar a bhfuil sí priontáilte. Dhéanfadh sí togha bronntanais le haghaidh Leabhra Feabhra.

gnas-na-neaslan

Lascainí Lá ’le Bríde 2017

Tá siopaí leabhar agus foilsitheoirí ag tabhairt lascainí i leabhair a cheannófar as seo go Lá ’le Bríde, chun Leabhra Feabhra a cheiliúradh. Más eol duit lascaine dá leithéid, cuir ar an eolas sinn ina thaobh (trí Facebook nó Twitter) agus cuirfear leis an liosta seo thíos é:

Cló Iar-Chonnacht – lascaine 20% ach an cód LF2017 a lua

Cois Life – lascaine 20% i ngach leabhar go dtí an 1 Feabhra

Foilseacháin Spioradálta – lascaine 20% i ngach ordú, go deireadh mhí Feabhra

Futa Fata – lascaine 20% i réimse leathan leabhar

Leabhar Breac – lascaine 20% i ngach leabhar go dtí an 1 Feabhra

Litriocht.com – lascaine 15% i ngach ordú go dtí tús mhí Feabhra ach an cód LF17 a lua

Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge – lascaine 15% ach an cód leabhra17 a lua.

Oscail do mheabhair le leabhair

coughlan_7166

Taobh amuigh de shiopa leabhar mhuintir Coughlan, i gCloich na Coillte i gContae Chorcaí atá an comhartha seo in airde.

Sin comhairle do leasa duit – do mheabhair a oscailt le leabhair, nó más áil leat é, oscailt meabhrach a bhronnadh ar dhaoine eile trí leabhair thabhairt mar fhéirín dóibh lá Fhéile Bríde! Ní fada uainn an 1 Feabhra…

Saíocht agus Draíocht na Seanleabhra (5): Duan na Nollag

duan-na-nodlag_0972-2

Níl a fhios againn an bhfuil sé ródhéanach sliocht Nollaigiúil a fhoilsiú (ach féach nach mbíonn an Nollaig thart, de réir áireamh na hEaglaise, go dtí Lá Fhéile Mhuire na gCoinneal ar an 2 Feabhra), ach cibé ar bith seo chugaibh é – giota as Duan na Nodlag le Charles Dickens arna aistriú ag Pádraig Ua Duinnín bleachtaire (!).

An radharc cáiliúil as an tríú rann den leabhar atá ann, ina músclaíonn Scrúg maidin lá Nollag i ndiaidh dó an oíche a chaitheamh in éindí le trí thaibhse na Nollag, agus faoiseamh agus sonas an domhain air.

Seo leabhar arbh fhiú go mór atheagrán de a fhoilsiú.

************************

Scrúg go ríméadach

Rith sé go dtí an fhuinneog is d’oscail sé í, agus sháigh a cheann amach. Ní raibh ceo ná ceobhrán ann, bhí an uain glan, geal, suáilceach, briosc, fuar; fuar faoi mar a bheadh sé ag seinm d’fhonn an fhuil a chur ag rince. Ó, an ghrian gheal-taitneamhach, an spéir neamhaí, an t-aer úrmhilis, na cloig mheidhreacha. Ó! Nach álainn, nach álainn iad.

“Cad é an lá atá ann?” arsa Scrúg, ag glaoch chun buachalla a raibh a chuid éadaigh Dhomhnaigh air, a bhuail isteach b’fhéidir chun féachaint timpeall.

“Um?” arsa an buachaill le mórionadh.

“An lá inniu!?” arsa an buachaill. “Lá Nollag, dar ndóigh.”

“Is é Lá Nollag é!” arsa Scrúg leis féin. “Níor chaill mé é. Rinne na Spioraid an gnó  go léir in aon oíche amháin. Tá neart acu cibé ní is maith leo a dhéanamh. Tá, dar ndóigh. Tá, dar ndóigh. Haló, a bhuachaill mhaith!”

“Haló!” arsa an buachaill.

“An bhfuil aithne agat ar an éanlaitheoir atá sa tsráid is giorra dó seo ach aon cheann amháin, ag an gcúinne?” arsa Scrúg.

“Níl, is dóigh!” arsa an buachaill.

“Buachaill dea-mheabhrach,” arsa Scrúg. “Buachaill neamhchoitianta! An bhfuil a fhios agat ar dhíol siad an duais-turcaí a bhí ar crochadh ann – ní hé an ceann beag, ach an ceann mór?”

“A! An ceann chomh mór liom féin?”

“Buachaill greannmhar!” arsa Scrúg. “Is mór an sásamh a bheith ag caint leis.  Sea, mhuise, a laoich!”

“Tá sé ar crochadh ann fós,” arsa an buachaill.

“An bhfuil?” arsa Scrúg. “Téigh agus ceannaigh é.”

“Cad é sin ort?” arsa an buachaill.

“Sea, sea, dáiríre atáim! Téigh agus ceannaigh é, agus abair leo é a thabhairt anseo go dtabharfaidh mise ordú dóibh cá bhfágfaidh siad é. Fill orm i dteannta an fhir, agus tabharfaidh mé scilling duit. Bí anseo i gceann cúig nóiméad, agus gheobhaidh tú leathchoróin!”

Chuir an buachaill de ar nós piléir. Ní miste a rá go mbeadh lámh shocair ar thruicear ag an té a chuirfeadh piléar as gunna le leathmhire an bhuachalla.

“Cuirfidh mé go dtí Bob Cratchit é,” arsa Scrúg, ag cogarnach leis féin, agus ag cuimilt a bhos dá chéile, agus ag pléascadh, beagnach, le gáire. Ní bheidh a fhios aige cé a chuir ag triall air é. Tá dhá oiread Thaidhgín Caol ann.

Ba neamhshocair í a lámh ag scríobh an tseolta; ach scríobh sé é, ar aon chuma, agus síos an staighre leis chun doras na sráide a oscailt d’fhonn é a bheith réidh d’fhear an éanlaitheora. A fhad agus a bhí sé ina sheasamh ansin ag feitheamh leis, luigh a shúil ar an gcnagaire.

“Beidh mé ceanúil air i rith mo shaoil,” arsa Scrúg, á chuimilt lena bhos. “Is annamh roimhe seo a d’fhéach mé air. Nach macánta an fhéachaint atá aige! Is iontach an cnagaire é! Tá an turcaí chugainn! Haló! Hú! Conas taoi? Nollaig shúgach chugat!”

Saíocht agus Draíocht na Seanleabhra (3): Scéal na Nollag

Scéal na Nollag mar a d’aistrigh Tomás Gruama Ó Bruacháin é as an Meditationes Vitae Christi, agus é i Ros Eirc (Maigh Eo) thart ar 1460. Tá an chaint atá san aistriúchán seo an-ghar do chaint na ndaoine mar a bhí sí ag an am agus i bhfad ó chaint dhorcha na Gaeilge Clasaicí (dá áilleacht í!).
 
Tá cóip den leathanach ar a bhfuil an chuid seo den scéal i gceangal leis seo. Tá an lámhscríbhinn ar fad le fáil anseo ach dul isteach ar ‘Acadamh Ríoga na hÉireann’, agus 23 B 3 a roghnú.
 
Léiríonn an chaint atá anseo ar an asal gur ar leagan apacrafach de scéal na Nollag a bhíothas ag tarraingt ó tharla gan aon trácht ar an asailín bocht sa leagan canónda a cuireadh sa Bhíobla. 
**************************
De Navitate Christi
Ar gcomhlíonadh naoi míos do thoircheas na hóighe, do chuir an himpire fógra ar fud an domhain .i. gach aon-duine do dhul ina athartha dhúchais féin, do íoc an chíosa Shéasarda leis. Agus ar gcluinsin an fhógra sin do Ioseph, do thionscain dul go Beithileam. Agus do bhí Muire i ngaire do chríoch a toircheasa, agus dob fhada uatha, uair do bhí Beithileam cúig mílte ó Ierusalem. Agus ní raibhe acu ach damh agus asal, agus iad ag siúl mar dhaoinibh bochta. Agus lena mhéad dá dúthaigh féin do tháinig don chathair an oíche sin, ní fhuaradarsan ionad aíochta ná teach leapa inti. Agus bíodh truaighe agat don ríoghain trócairigh anois, agus tabhair t’aire don maighdin bhic ghlain álainn óig shubhaltaigh do bhí ar deireadh a toircheasa i gcinn a cúig blian ndéag an tan sin, agus do bhí ró-scítheach ó shiúl, agus do bhí náireach ag iarraidh ionaid chiúin idir na ciníocha coimhthíocha, agus nach bhfuair. Agus do iarradar a compánaigh cead uirthe um dealú léi, agus thug dóibh. Agus do comhéigníodh iad dul chun slí ina raibh díon os a gcionn ina ligidís daoine fearthainn tharstu.
Tabhair t’uídh anois go díochra do na nithibh dob áil liom do inisin duit, agus do na nithibh aithristear ar Mhuire anseo, amhail fuaras ó bhráthair maith dom’ ord féin. Agus sílim do taisbeánadh sin dó. Agus adúirt sé liom, an uair tháinig aimsear tuismithe do Mhuire i meán oíche Domhnaigh, gur éirigh sí, agus gur chuir a troime ar colún do bhí istigh. Agus do éirigh Ioseph go tuirseach an tan sin, agus ní ar son galair Mhuire, uair do bhí a fhios aige nach raibhe galar uirthi, ach ar son nach raibhe bia náid nithe dionhgbhála eile aige. Agus do éirigh ina sheasamh, agus thug sop as an mainséar fá chosaibh na baintiarna, agus do chuir a chúl léi. Agus do tuismíodh Mac suthain an Athar chumhachtaigh an tan sin gan tinneas gan athmhaltas gan scaoileadh bronn gan dortadh fola.
Agus mar do bhí sé gan athmhaltas gan doghrainn i mbroinn a mháthar, is mar sin do bhí sé insan tsaol amuigh. Agus do thuit sé chun cos a mháthar, agus do thóga an mháthair don talúin é go luath. Agus thug sí póg mhilis dó, agus do chuir sí ina hucht é. Agus do líonadh a cíocha do bhainne ó ghrásaibh an Athar, agus do teagascadh í ón Spiorad Naomh, agus do nigh é ó bhainne a cíoch uile. Agus do chuir bréidín beag a cinn uime, agus do cheangail é, agus do chuir insan mainséar é. Agus do shléacht an damh agus an hasal dó, agus do chuireadar a mbéil ar an mainséar, agus do bhádar ag srofartaigh ag cur a n-anála uime mar do bheith réasún acu, uair do thuigeadar bochtaine an Mhacaoimh agus fuaire na haimsire, agus go ráinig a leas a théamh.
Agus do lig an mháthair ar a glúinibh an tan sin, agus do ghuigh é. Agus thug buíochas don Athair agus adúirt: “Glóir agus grása duit, a Thiarna agus a Athair naofa, a thug do Mhac grách féin damh, agus guím thú, a Dhia shuthain, agus tusa, a Mhic Dé Bhí agus a Mhic mo bhronn féin.” Agus do ghuigh Ioseph mar an gcéanna, agus do tharraing lán a dhoirn d’olainn nó den réad eile do bhí i bpillín an asail, agus do chuir i dtaobh an mhainséir fán mbaintiarna é, agus do rinne an céanna leis an bpillín: do chuir fána huilinn é. Agus is mar sin do bhí ríoghain fhlaithiúnais Dé agus baintiarna an tsaoil. Agus do choinnigh a haghaidh agus a leaca ar an mainséar maille le croí feochair te do choimeád a haon-Mhic ghráí dhil féin.
Smaointe Beatha Chríost .i. Innsint Ghaelge a chuir Tomás Gruamdha Ó Bruacháin (fl. c. 1450) ar an Meditationes Vitae Christi, in eagar ag Cainneach Ó Maonaigh, Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léighinn Bhaile Átha Cliath, 1944, lgh. 24-6.

SAÍOCHT & DRAÍOCHT NA SEANLEABHRA (2): Fáthscéal na hUaimhe

plato_-_allegory_of_the_cave

Is éard atá i bhFáthscéal na hUaimhe fáthscéal nó allagóire a chuir Platón fealsúnaí i láthair, i bhfoirm dialóige, ina shaothar An Phoblacht. Cuirtear i láthair an léitheora scata daoine atá i bpluais dhorcha faoi thalamh ó rugadh iad. Tá geimhle orthu agus tá siad chomh daingnithe chomh teanntaithe sin nach féidir leo corraí ná fiú a gceann a chasadh thart. Tá tine curtha síos taobh thiar díobh agus feiceann siad, ar an mballa, scáil rudaí atá ag dul thar bráid taobh thiar díobh, agus tugann siad ainmneacha ar na rudaí sin. Níl de thuiscint acu ar an réaltacht ach na scáileanna sin. Ansin, cuirtear i gcás go dtéann ag duine de na cimí imeacht ón bpluais amach os cionn talún. Feiceann sé an fíorshaol agus, ar fhilleadh ar an bpluais dó, féachann sé le cur i dtuiscint do na daoine atá fós ina gcimí nach bhfuil sna híomhánna a fheiceann siad ar an mballa ach scáil den réaltacht. Siombail den fhealsúnaí sa tsochaí atá sa duine.

An té a bhfuil cur amach aige ar an mBíobla, chuirfeadh fáthscéal na huaimhe an sliocht seo i gcuimhne dó: “Óir feicimid anois mar a bheadh go doiléir i scáthán; ach feicfimid éadan a chéile an t-am sin” (1 Corantaigh, 13:12).

Seo thíos an insint atá ag Seoirse Mac Tomáis ar an bhfáthscéal in Tosnú na Feallsúnachta.

Fáthscéal na hUaimhe

Tá sé ráite, nuair a bhí Sócraitéas ag druidim isteach le deireadh a shaoil, gur taibhríodh dó oíche amháin gur tháinig eala, éan Apaill, tríd an aer chuige agus í ag píobaireacht go binn, agus lá arna mhárach ina dhiaidh sin gur casadh air ógfhear dea-chumtha córach gurbh ainm dó Platón, ionas gur thuig sé gurb é siúd an eala a chonaic sé sa taibhreamh. Pé cuma é, mura mbeadh Platón, is beag eolas a bheadh againn ar Shócraitéas; mar bhíodh sé ag smaoineamh i gcónaí ar a mháistir a fuair bás as ucht na fírinne, agus ós uaidh sin a tháinig solas na fírinne isteach ina anam féin, is trína bhéal sin a nochtadh sé a smaointe don saol. Níor scríobh aon duine riamh prós ab aoibhne ná an prós a scríobh Platón. Cuireann sé síos i leabhar amháin ar chomhrá a tharla lá féile idir Sócraitéas agus beirt deartháireacha dó féin, Adímantus agus Glaucón, a bhí an uair sin i gcéad-bhláth na hóige; agus i gcaitheamh an chomhrá d’inis Sócraitéas dóibh an scéal seo thíos. Is é féin atá ag caint:

Anois, arsa mise, cuir ár nádúir féin, maidir le hoideachas agus le ceal oideachais, i gcomparáid le scéal éigin mar seo. Cuimhnigh ar dhaoine a bheadh ina gcónaí in uaimh thalún, béal fada ar an uaimh ar leathadh ó thaobh taobh agus é iompaithe i dtreo an tsolais. Tá siad anseo istigh óna n-óige agus iad faoi chuibhreach, idir cheann agus chosa, sa tslí go bhfanann siad mar sin gan féachaint in aon treo ach amháin ar a n-aghaidh amach, mar ní féidir leo a gceann a iompú siar de dheasca na gcuibhreach; ach tá solas tine thuas os a gcionn agus é tamall siar uathu ar a gcúl; agus in airde idir an tine agus na príosúnaigh tá bóthar a bhfuil balla tógtha lena thaobh, ar nós na bhfálta sin a bhíonn ag na foilcheadóirí os comhair na ndaoine agus iad ag taispeáint a gcleas os a gcionn.

Feicim an méid sin, arsa Glaucón.

Feic ansin feadh an bhalla daoine ag iompar gach saghas earraí agus iad ardaithe suas acu thar bharr an bhalla. Dealbha de dhaoine agus d’ainmhithe a bhíonn ar iompar acu, cuid acu déanta de chloch, cuid eile acu d’adhmad, agus mar sin díobh; agus bíonn cuid de na daoine ag caint, agus cuid eile acu ina dtost.

Is ait é mar chosúlacht agus is ait iad mar phríosúnaigh, ar seisean.

Is geall linn féin dóibh, arsa mise. Óir an dóigh leat go bhfeicfeadh na daoine sin pioc díobh féin ná dá chéile ach amháin na scáthanna a chaitheann an tine ar an taobh thall den uaimh?

Ní fhéadfaidís é, ar seisean, dá mbeadh sé de cheangal orthu a gceann a choimeád gan chorraí ó thús deireadh a shaoil.

Agus an bhfeicfidís na hearraí úd a bhíonn ar iompar ach oiread?

Nach é an scéal céanna leo siúd acu é?

Is é.

Agus dá mb’fhéidir leo caint le chéile, nach dóigh leat go ndéarfaidís gurb iad na rudaí fírinneacha a d’fheicidís ag gabháil thart?

Gan amhras.

Agus, dá mbeadh macalla freisin ann ón dtaobh thall den uaimh, pé uair a d’fhaigheadh duine den lucht iompair feadh an bhóthair agus é ag caint, nach é an scáth a cheapfaidís a bheadh ag caint agus é ag gabháil thart os a gcomhair.

Dar mo bhriathar gurb é mhuise, ar seisean.

Is furasta aithint, mar sin, gurb amhlaidh a cheapfadh na daoine sin gurb ionann an fhírinne agus scáthanna na ndéantús úd.

Níl dabht air, ar seisean.

Cuimhnigh anois, arsa mise, conas mar a bheadh an scéal acu dá bhfaighidís fuascailt óna gcuibhrigh agus leigheas a ndíchéille. Scaoiltear le duine acu agus cuirtear d’iachall air go tobann éirí ina sheasamh agus a cheann a iompú, agus siúil ar a chosa agus aghaidh a thabhairt ar an solas. Cuirfidh an obair sin go léir tinneas air, agus ní ligfidh an gealán dó féachaint i gceart ar na rudaí sin gur díobh na scáthanna a d’fheiceadh sé roimhe sin. Agus cad a déarfadh an duine sin, dar leat, dá ndéarfá leis nach raibh le feiceáil aige cheana ach taibhsí gan éifeacht, ach anois go raibh sé níos giorra don fhírinne mar go raibh rudaí níos fíre aige le feiceáil agus radharc níos dírí aige orthu? Agus dá nochtfá ina dhiaidh sin dó na daoine go léir a bhíodh ag gabháil an bóthar agus ag iarraidh air a rá cad iad, nach dóigh leat go mbeadh sé dall amach orthu agus go gceapfadh sé gurbh fhíre na rudaí a d’fheiceadh sé roimhe sin ná na rudaí a bhí le feiceáil aige an uair sin?

Cheapfadh go deimhin.

Agus dá gcuirfí d’iachall ansin air féachaint ar an solas féin, nach dóigh leat go dtiocfadh tinneas ina shúile agus go gcúlódh sé uaidh agus go dtiontódh sé arís ar na rudaí ab fhéidir leis a fheiceáil, agus é ag ceapadh go raibh siad i bhfad níos léire ná na rudaí a chonaic sé ó shin?

Sea, ar seisean.

Agus, arsa mise, dá ndéanfá é a tharraingt go hainneonach an bóthar ard achrannach aníos as an uaimh agus gan greim a bhogadh de nó go mbeadh sé amuigh faoin ngrian agat, nach dóigh leat go mbeadh sé ciaptha cráite an fhad a bheifeá á tharraingt, agus ina dhiaidh sin go mbeadh sé chomh dall sin ag solas na gréine nach bhféadfadh sé pioc a fheiceáil de na rudaí a déarfá anois leis a bheith fíor?

Ní fhéadfadh sé iad a fheiceáil, gan aga a thabhairt dó, ar seisean.

Níor mhór dó taithí, is dóigh liom, chun na rudaí atá anseo thuas a fheiceáil. Is iad na scáthanna is túisce a d’fheicfeadh sé, agus ansin íomhánna in uisce ó dhaoine agus ó rudaí eile, agus mar sin dó riamh agus choíche nó go bhfeicfeadh sé na coirp neamhaí agus an spéir, ach amháin gur shaoire dó ar dtús féachaint ar sholas na réiltíní agus na gealaí istoíche ná féachaint ar an ngrian agus ar sholas na gréine de ló.

Sea go díreach.

Agus sa deireadh thiar d’fheicfeadh sé an ghrian – ní íomhánna di a deirim in uisce ná in aon áit eile, ach ag féachaint go seasmhach ar an ngrian féin ina suí féin de réir mar atá sí inti féin go fírinneach.

Gan amhras, ar seisean.

Agus ansin chuimhneodh sé gurb í an ghrian atá ina bun le tráthanna na bliana agus leis na blianta féin, agus gurb í atá i gceannas ar gach a bhfuil le feiceáil sa saol infheicthe, agus gurb í freisin, ar shlí, faoi deara na scáthanna sin a bhíodh le feiceáil san uaimh.

Ní foláir nó thiocfadh sé air sin sa deireadh, ar seisean.

Agus, nuair a thabharfaidh sé chun cuimhne an t-áitreabh sin a bhí aige ar dtús agus an t-eolas a bhain léi agus na príosúnaigh a bhí ina theannta, nach dóigh leat go mbeidh áthas air de bharr an athraithe agus trua aige do na príosúnaigh eile?

Beidh, mhuise.

Agus cuir i gcás go mbeadh onóir agus ardmholadh agus duaiseanna ag na príosúnaigh sin dá chéile, pé duine acu ab fhearr a thabharfadh faoi deara na rudaí a bhíodh ag gabháil thart, agus a chuimhneodh ar cé acu díobh a thagadh roimh a chéile nó i ndiaidh a chéile nó i dteannta a chéile, sa tslí go mbeadh sé níos fearr ná an chuid eile chun an aimsir a bhí chucu a réamhaithris: nach dóigh leat gur beag an caitheamh a bheadh ag mo dhuine i ndiaidh a nduaiseanna agus gur beag an formad a bheadh aige leis an dream a d’fhaigheadh onóir ina measc nó ceannas os a gcionn?

Nach dóigh leat gurbh fhearr go mór leis, mar a dúirt an file, “beatha ar thalamh ina sclábhaí ag fear gan acmhainn,” agus gur chuma leis cén rud a tharlódh dó ach amháin gan barúil mar siúd ná beatha mar siúd a bheith aige?

Sea, ar seisean, is dóigh liom gur chuma leis ach amháin an saoi úd a sheachaint.

Agus cuimhnigh air seo – dá rachadh an duine sin síos agus suí sa tseanáit arís, nach mbeadh a shúile lán de dhorchadas toisc é bheith tagtha chomh tapaidh ó sholas na gréine?

Is fíor, mhuise, go mbeadh.

Agus cuir i gcás ansin go gcaithfeadh sé dul arís i gcomórtas leis an dream eile a bhí riamh ag iarraidh na scáthanna úd a aithint thar a chéile, nach é an chuma a bheadh an scéal aige, an fhaid a bheadh roithleán fós ina shúile (agus is dócha go dtabharfadh sé tamall maith mar sin sula rachadh sé i dtaithí arís), go mbeadh na daoine eile ag magadh faoi, á rá nach bhfuair sé de bharr an turais suas ach a shúile a lot air féin agus nár cheart fiú amháin iarracht a dhéanamh ar dhul suas? Agus, dá mbeadh seisean ag iarraidh iad a fhuascailt agus a thabhairt leis in airde, agus slí acu siúd ar lámh a leagan air, nach dóigh leat go maróidís é?

Cinnte, ar seisean.

Anois, arsa mise, a Ghlaucón, a chroí, caithfimid an chosúlacht sin a chur in oiriúint don chaint go léir a bhí againn roimhe sin – an príosún a shamhlú leis an saol infheicthe agus solas an phríosúin le cumhacht na gréine; agus ansin, má chuireann tú an turas suas agus radharc an tsaoil thuas i gcomparáid le turas an anama suas go dtí an saol insmaointe, ní rachaidh tú amú ar an dóchas atá agamsa as an anam, agus sin é a theastaigh uait a chloisteáil uaim. Ag Dia atá a fhios an fíor dom é mar dhóchas, ach seo mar a léimse ar an scéal. I saol an eolais, is ídé na Maithe is déanaí a fheictear, agus is deacair í a fheiceáil; ach ní túisce a fheictear í ná a thuigtear gurb í atá ina bun le gach rud ceart agus álainn; gurb í féin is máthair, sa saol infheicthe, don solas agus do thiarna an tsolais, agus gurb í féin tiarna an tsaoil insmaointe óna shíolraíonn fírinne agus intleacht, agus an té nach bhfeiceann í, nach féidir dó aon ghnó, poiblí ná príobháideach, a dhéanamh go tuisceanach.

Táim ar aon aigne leat, ar seisean, chomh fada agus atá ionam.

Sea, mar sin, arsa mise, bí ar aon aigne liom sa mhéid seo chomh maith – ná bíodh aon ionadh ort má bhíonn leisce ar dhaoine atá tar éis teacht anuas anseo roimh gnóthaí daonna a thógáil orthu féin, agus má bhíonn imní ar a n-anam i gcónaí chun a saol a chaitheamh ansiúd in airde; óir sin é mar a bhíonn siad, is dóigh, má tá siad ar aon dul leis an duine a dúramar sa chosúlacht.

Sin é, is dócha.

Más ea, an dóigh leat gurb aon ionadh é duine atá tagtha ó aislingí neamhaí anuas go dtí olc na ndaoine, má bhíonn sé ciotach nó más ceap magaidh é, nuair a chuirtear d’iachall air, gan taithí fós aige ar dhorchadas na háite, dul i dtreis le daoine eile i gcúirteanna dlí mar gheall ar scáthanna córa nó ar scáthanna íomháineacha den chóir agus aighneas a dhéanamh i dtaobh na gcumaí a shamhlaíonn siad do dhaoine nach bhfaca riamh an chóir féin?

Níorbh aon ionadh dó, ar seisean.

Níorbh ea, arsa mise, ach chuimhneodh duine tuisceanach gur féidir daille teacht ar na súile ar dhá shlí – de réir mar aistríonn duine ó sholas go doircheacht, nó ó dhoircheacht go solas, agus, má thuigeann sé gur féidir an dá scéal sin titim amach ar an anam, nuair a fheicfidh sé anam ar mearbhall agus gan radharc aige ar aon ní, ní bheidh sé ag fonóid faoi ach cuirfidh sé an scéal faoi scrúdú, féachaint cé acu atá an t-anam sin tar éis teacht anuas ó shaol is gile ná an saol seo, sa tslí gur ceal taithí faoi deara é bheith dall, nó an amhlaidh atá sé ag éirí in airde as aineolas go dtí rud is gile ná aineolas. Sa tslí gurb é sin faoi deara é bheith ar mearthall; agus leis sin, más ag teacht anuas atá sé, tréaslóidh sé leis an saol agus an scéal atá aige; agus más ag gabháil suas atá sé, glacfaidh sé trua dó, agus, má thagann fonn gáire air, ba lú de chúis gháire an gáire sin ná an gáire a dhéantar faoin anam a thagann ón solas atá in airde.

Tá an chaint sin an-cheart, arsa Glaucón.

CRÍOCH.

As Tosnú na Feallsúnachta (1935, Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais), Seoirse Mac Tomáis. Fiachra Ó Muircheartaigh a chóirigh an sliocht.

Saíocht & Draíocht na Seanleabhra (1): fís pholaitiúil Wolfe Tone

Seo tús le sraith nua alt, ‘Saíocht agus Draíocht na Seanleabhra’. Ó thráth go chéile as seo go Lá ’le Bríde 2017 foilseoimid sleachta as seanleabhra, de gach seánra, chun léargas a thabhairt ar roinnt den ghaois agus den áilleacht atá le fáil i leabhra atá as cló agus ligthe i ndearmad.

6-wolfe-tone-a

Sliocht gairid as Beatha Theobold Wolfe Tone an chéad cheann sa tsraith, sliocht ina leagann de Bhulbh Tón amach go gonta a fhís pholaitiúil agus a aidhmeanna. Tá an ráiteas atá tugtha sa sliocht ar cheann de ráitis mhórthábhachta stair na hÉireann.

Níorbh fhada gur cheap mé teoiric dom féin agus is í an teoiric sin atá mar riail sheasamhach le mo ghníomhartha riamh ó shin:

Tíorántacht an rialtais mhallaithe atá againn a leagan ar lár, an ceangal le Sasana, atá ina shíorthrúig do gach olc polaitíochta dá bhfuil orainn, a réabadh, agus saoirse mo thíre a fhógairt – b’in iad mo chuspóirí.

Comhaontú mhuintir uile na hÉireann, gach seanmhioscais a bhíodh eatarthu a chur i ndearmad agus an t-ainm Éireannach a chur in ionad na sainaicmí Caitliceach, Protastúnach agus Easaontóir – b’in iad mo ghléas chun oibre.

‘Beatha Theobold Wolfe Tone: Mar do fríth ’na scríbhinní féin agus i scríbhinní a mhic’ (Oifig Díolta Foillseachán Rialtais, 1937, an Seabhac a d’aistrigh) lgh 45–46

Tá tuilleadh eolais i dtaobh Wolfe Tone in Tone Inné agus Inniu le Máirtín Ó Cadhain (Coiscéim, 1999).