Chuile Alt dár Scríobh leabhrafeabhra

Saíocht & Draíocht na Seanleabhra (1): fís pholaitiúil Wolfe Tone

Seo tús le sraith nua alt, ‘Saíocht agus Draíocht na Seanleabhra’. Ó thráth go chéile as seo go Lá ’le Bríde 2017 foilseoimid sleachta as seanleabhra, de gach seánra, chun léargas a thabhairt ar roinnt den ghaois agus den áilleacht atá le fáil i leabhra atá as cló agus ligthe i ndearmad.

6-wolfe-tone-a

Sliocht gairid as Beatha Theobold Wolfe Tone an chéad cheann sa tsraith, sliocht ina leagann de Bhulbh Tón amach go gonta a fhís pholaitiúil agus a aidhmeanna. Tá an ráiteas atá tugtha sa sliocht ar cheann de ráitis mhórthábhachta stair na hÉireann.

Níorbh fhada gur cheap mé teoiric dom féin agus is í an teoiric sin atá mar riail sheasamhach le mo ghníomhartha riamh ó shin:

Tíorántacht an rialtais mhallaithe atá againn a leagan ar lár, an ceangal le Sasana, atá ina shíorthrúig do gach olc polaitíochta dá bhfuil orainn, a réabadh, agus saoirse mo thíre a fhógairt – b’in iad mo chuspóirí.

Comhaontú mhuintir uile na hÉireann, gach seanmhioscais a bhíodh eatarthu a chur i ndearmad agus an t-ainm Éireannach a chur in ionad na sainaicmí Caitliceach, Protastúnach agus Easaontóir – b’in iad mo ghléas chun oibre.

‘Beatha Theobold Wolfe Tone: Mar do fríth ’na scríbhinní féin agus i scríbhinní a mhic’ (Oifig Díolta Foillseachán Rialtais, 1937, an Seabhac a d’aistrigh) lgh 45–46

Tá tuilleadh eolais i dtaobh Wolfe Tone in Tone Inné agus Inniu le Máirtín Ó Cadhain (Coiscéim, 1999).

Advertisements

Frithordú Eoin Mhic Néill

Seo an bunleagan den fhrithordú cáiliúil a d’eisigh Eoin Mac Néill um Cháisc 1916. Is léir gur dhuine é Mac Néill a bhí go mór chun cinn ar a linn féin, nó bhí an Caighdeán á chur i bhfeidhm aige i bhfad sular ceapadh é…. 🙂

freasordú

Seo a bhfuil scríofa air:

Páirc Bhaile na Coille
Ráth Fearnáin
Áth Cliath

22 Aibreán 1916

An dallach dubh curtha ar na hÓglaigh. Orduithe an lae amárach curtha ar ceal ar fad.

Eoin Mac Néill

 

 

 

Saol na mBeach

Saol na mbeach
Tamall ó shin agus mé ag póirseáil thart i siopa leabhar tháinig mé ar leabhar rímhaith nach raibh aon trácht cloiste agam air, .i. Saol na mBeach le Máirtín Ó Corrbuí (Clódhanna Teoranta, 1974). Leabhar tanaí é, ach más ea féin, tá sé lán d’eolas suimiúil faoin bhfeithid mheabhrach úd, an bheach. Seo thíos sliocht as ina gcuirtear síos ar an gcóras cumarsáide sofaisticiúil atá ag an mbeach.
 

Gnéithe eile d’iontais na mbeach a bhí á dtaighde ag an Ollamh Von Frisch, feithideolaí cáiliúil a chónaigh in München. Chaith sé a shaol ar fad, nach mór, ag iarraidh eolas ar na beacha a bhailiú, agus go háirithe ag iarraidh a dhéanamh amach cén chaoi ina labhraíonn siad lena chéile. Tuigeadh dó go raibh ar a gcumas “labhairt” – go raibh teanga dá gcuid féin acu. Murach go raibh, conas a thiocfadh le beacha a bhí amuigh ar lorg neachtair agus pailin toradh a gcuid cuardaigh a chur in iúl dá gcompánaigh? Bhí sé lánsásta go raibh ar a gcumas é sin a dhéanamh – a insint dóibh cén fad ón gcoirceog a bhí na rudaí sin le fáil, agus cén treo ba cheart dóibh dul chun teacht orthu.

Seo é an tuairisc a thug sé ar a “gcomhrá”: má bhíonn beach amuigh ag lorg bia, agus má thagann sí ar áit ina bhfuil na bláthanna flúirseach, agus go leor neachtair ar fáil, filleann sí ar an gcoirceog, agus tar éis di scaradh lena hualach féin insíonn sí an scéal mór dá cairde – cén treo ón gcoirceog a bhfuil na bláthanna; cén fad ón gcoirceog iad; cén cineál bláthanna iad; agus cé mhéad beach ba chóir a chur ann chun an stór bia a thabhairt abhaile. Chun an t-eolas sin go léir a thabhairt dóibh cuireann sí chun oibre ar shlite éagsúla. Bíonn sí, mar shampla, go suaite corraithe d’fhonn spéis a comrádaithe a mhúscailt. Bíonn sí tuathalach amscaí ina gluaiseachtaí. Tugann na geáitsí sin le tuiscint do na beacha eile go bhfuil na bláthanna aimsithe aici, go bhfuil an neachtar flúirseach iontu, agus nach mór dóibh dul á bhailiú láithreach – agus dá chorraithe is dá thuathalaí í is ea is milse agus is flúirsí an stór, is ea is gaire don choirceog é, agus is ea is mó an líon beach a bheidh ag teastáil chun é a thabhairt abhaile.

Tá cuid dá scéal nach deacair di a chur in iúl – is é sin an saghas bláthanna atá i gceist – mar go leanann boladh na mbláthanna sin dá corp agus tuigtear do na beacha eile nach fiú bacadh le cineál ar bith nach iad. Thig leo leis, ar ndóigh, an neachtar nó an pailin a thug an ceannródaí abhaile a bhlaiseadh chun an cineál bláthanna a aithint.

Rud eile é, áfach, treo na háite ón gcoirceog a léiriú, ach sáraíonn an bheach an deacracht sin chomh maith trí dhamhsa a dhéanamh i láthair na mbeach eile, agus braitheann an saghas damhsa a dhéanann sí ar an eolas atá le tabhairt aici. Damhsa i ndeilbh 8, mar shampla, cuireann sé in iúl go bhfuil na bláthanna in aice láimhe. Damhsa gan fuinneamh agus a heireaball á luascadh anonn is anall ag an damhsóir – is ionann sin is a rá go bhfuil na bláthanna i bhfad ó bhaile. Má sheasann an bheach agus an damhsa ar siúl aici, i gcaoi go bhfuil a corp go hingearach ar an gcíor, ciallaíonn sé sin gur i dtreo na gréine atá na bláthanna. Ach má sheasann sí go hingearach ar a ceann, mar a déarfá, is sa treo eile ba chóir dóibh dul – is é sin, agus an ghrian ar a gcúl.

Tá Saol na mBeach ar díol ag siopa leabhar Chonradh na Gaeilge agus ag Litriocht.com. Níl sé ródhéanach cóip de a cheannach mar fhéirín sula rachaidh lascainí na ndíoltóirí leabhar in éag.

Leabhar eile faoin mbeach, do pháistí, is ea Seo Agat Beacha, ceann de “s[h]raith ghleoite de cheithre leabhar eolais faoi na feithidí is suimiúla ar domhan, feithidí a bhíonn thart orainn an t-am go léir.” Agus ansin, más mian leat leabhar a cheannach atá ag dul i bhfad siar, tá Bechbretha ann, leabhar a scríobhadh, meastar, i dtrátha na bliana 750. Tá an saothar seo ar cheann de na foinsí eolais is ársa dá bhfuil ann faoin mbeachadóireacht in Iarthar na hEorpa, agus is uaidh a tháinig roinnt de na téarmaí beachadóireachta a úsáidtear i nGaeilge an lae inniu.

N.B. Ar an drochuair, is i mBéarla amháin atá na nótaí, an tráchtaireacht, srl. in Bechbretha, agus is é an scéal céanna é maidir le foilseacháin uile Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath sa réimse seo, is cosúil. Is trua go bhfuil caoi á ceilt ag an Institiúid Ard-Léinn, comhlacht stáit , ar phobal na Gaeilge eolas a shealbhú ina dteanga féin ar shaíocht a sinsear. Luaigh Seosamh Mac Grianna an cheist seo ina aiste mháistriúil ‘Ár ndúchas – Ár gcinniúint’, in Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eilesiar sa bhliain 1936: “An chéad rud atá riachtanach [chun litríocht na Gaeilge a chur ar a bonnaí] an tseanlitríocht a chur i gcló agus litriú an lae inniu uirthi, agus gan míniú ar bith i mBéarla uirthi.” Is beag atá athraithe ó shin – An Táin féin, níl leagan údarásach de ar fáil i nGaeilge an lae inniu. Nach bhfuil aon fhoilsitheoir ann a d’fhéacfadh le sin a leigheas?
 

“A sclábhaithe an tsaoil mhóir, cuirigí le chéile”*

Is maith ann leabhra ficsin, cnuasaigh filíochta agus leabhra a bhaineann le hÉirinn ar shlí nó ar shlí eile, ach teastaíonn cothú níos ilchineálaí ná sin ón intinn, teastaíonn eolas uaithi faoin saol mór agus faoi mhórimeachtaí na staire.

Más mian leat leabhar a bhronnadh ar dhuine i mbliana a bhfuil tógáil intinne ann, b’fhéidir nár dhóchar duit cuimhneamh ar cheann a cheannach faoin idé-eolaíocht úd a d’fhág rian domhain ar stair na linne seo, mar atá an Cumannachas.

Cumannachas

Sa ghrianghraf thuas tá: beathaisnéis an smaointeora Friedrich Engels le hAindrias Ó Cathasaigh (ceann eile leis an údar ceanna, nach bhfuil sa ghrianghraf, is ea Karl Marx: Saothar a shaoil); gearrchuntas ar shaol Marx a d’aistrigh Diarmuid Ó Gráinne; Clár na Comharseilbhe: Forógra na gCumannach (bhí roinnt cóipeanna de seo ar díol ag Connolly Books le deireanas); Sciuird chun na Rúise (leabhar taistil le Pádraig Ó Fiannachta faoin seal a chaith sé san Aontas Sóivéideach; tá sé as cló, faraor, ach bíonn cóipeanna de ar díol ar abebooks.com go minic); agus An tIdirchlár: Arraingeacha Báis an Chaipitleachais agus Cúraimí an Cheathrú hIdirnaisiúntán le Leon Trotscaí.

Is rud neamhchoitianta an ceann deireanach acu sin arae ní amháin go bhfuil na smaointe a chuirtear i láthair ann spéisiúil, ach tá sé líon lán de théarmaí agus frásaí nach bhfuil aon taithí ar chor ar bith ag lucht léitheoireachta na Gaeilge orthu, cuir i gcás ‘idirnáisiúntán’, ‘meinséiveach’ ‘deachtóireacht fhaisisteach na mbuirgéiseach’, ‘daonlathaithe mionbhuirgéiseacha’. (Ní miste a rá go ndearna aistritheoir an tsaothair seo a chuid oibre go slachtmhar.) Is fiú go mór €5 a chaitheamh air.

*An frása seo as Clár na Comharsheilbhe, ní raibh cuimhne bheacht agam air, ach d’aimsigh mé é sa tseoid bheag de leabhar Focail le Gaois le hAntain Mac Lochlainn, saothar úsáideach suimiúil is fiú a cheannach.

“Dúbail, dúbail, dua agus deifir”

RothaMoranGhra

Tá ainm Shakespeare in airde ar fud na cruinne agus tá a chuid saothar ar fáil i mórchuid teangacha. Cad tá ar fáil sa teanga s’againne? Bhuel, tá Rotha Mór an Ghrá ann, cnuasach de shoinéid le Shakespeare a thugann blas de shaibhreas teanga an bhaird bhinnbhriathraigh. Ansin tá Traigéide Mhic Bheatha, ceann de na drámaí is mó ag bhfuil cion ag daoine air, agus atá in ábhar suime ag Gaeil go háirithe, ó tharla gur in Albain atá an sé suite. (Is deas na hainmneacha Gaelacha atá ann, m.sh. Donnchadh, Flaithrí, Mac Duibh, agus na logainmneacha,  m.sh. Dùn Sinnein, Scóin.)

Seo thíos sliocht fileata, a luaitear go minic, as an dráma sin:

Uaimh dhorcha. Toirneach. Corcán ar fiuchadh sa lár. Triúr Cailleach isteach.

Trí huaire do mheamhlaigh an cat buídhearg.
Uair is trí ghearán an ghráinneog.
Screadann an seabhac “in am, in am.”
Imígí timpeall an chorcáin.
Caithig isteach putóga gráin’.
In áras na bpiseog beiríg ar dtúis
An frag salach míghránna gnúis
A Chodail faoi leac tríocha lá is a haon
Gur dhein nimh úr dá allas bréan.
Dúbail, dúbail, dua agus deifir,
Loisc, a thine, is a chorcáin, beirigh.
Súile ghilnimheog na móinte
Sa corcán beiríg rósta,
Méar an fhroisc is súil na hairc’,
Teanga gadhair is olann bat.
Ladharghabhal nathrach, cealg péist’,
Caolchos ais is sciathán caoich
‘gComhair ortha diabhalta gan teora,
Nós anraith ifrinn beiríg scólta.
Dúbail, dúbail, dua agus deifir,
Loisc, a thine, is a chorcáin, beirigh.

Gníomh 4, Radharc 1

Ansin, tá Radhairc as Drámaí Shakespeare ann, le Gearóid Ó Lochlainn, saothar atá as cló, faraor. (Ba dheas dá gcuirfeadh An Gúm atheagrán de amach.). Seo thíos sliocht atá sa leabhar sin as Mar is Áil Libh:

Is stáitse an domhan iomlán;
Na fir is na mná, níl iontu ach aisteoirí,
Gach duine ag teacht is ag imeacht ar a sheal:
Is déanann fear a lán páirt lena linn.
Seach n-aoise tá sna gníomha. Naíon ar dtús é,
Ag meamhlaigh is ag urlacan ar ucht a bhuime.
Ansin ina scoláirín chaointeach gona mhála,
Snas maidne ar a aghaidh is é ag déanamh go hainneonach
De shnámh an tseilide ar scoil. Leannán ansin é,
Osnaíl fornéise as, is é ag ríomh dáin léanmhair
Faoi mhalaí stóir a chroí. Saighdiúir ar ball é,
Ag spalpadh mionn ait, féasóg air amhail an liopard,
Mór aige clú, é obann is praip i sparainn,
Is ag lorg na bolgóige sin, an cháil,
Fiú i mbéal an chanóin. Giúistís ansin é,
A bholg breá ramhar is líonáil de dhea-chabún ann,
Cruas ina dhearc is féasóg sa chruth nósúil air,
Flúirse nath críonna aige is nua-shamplaí dlí.
Déanann mar sin a pháirt. Sa séú haois dó
Athraíonn ina sheanfhear tanaí i slipéirí,
Spéaclaí ar a shrón is spaga lena chom,
Bríste óna óige air is é i bhfad ró-leathan
Dá chosa seirgthe; agus a mhórghuth fearúil
Ag iompú ar ais ina ghlóirín chaolard leinbh,
Is ag feadaíl is gíoglach ann. Is é an radharc deiridh
Is críoch don stair éagsúil, ileachtrach seo,
Athleanbaíocht, is é ag dul chun ceala iomláin,
Gan radharc, gan déad, gan blas, gan faic na ngrást.

Gníomh 2, Radharc 7

Féach go bhfuil saothar eile le Mac Uí Lochlainn fós i gcló/ar díol, mar atá Ealaín na hAmharclainne, gearrchuntas suimiúil ar stair an téatair, a stair in Éirinn san áireamh. Níl ach €2.54 air i siopa leabhar Chonradh na Gaeilge.

Scéal thairis: is minic a thugtar the Sweet Bard of Avon ar Shakespeare nó ba as Stratford-on-Avon dó. Tá gaol ag an bhfocal avon le ‘abhainn’ (agus tá bunús ceilteach ag an bhfocal bard, leis). Má mheasann tú go mbeadh spéis ag an duine a bhfuil tú ag beartú leabhar a bhronnadh air Lá Fhéile Bríde, go mbeadh spéis aige i mblúirí eolais den saghas sin faoi logainmneacha, cuimhnigh ar Ó Lyon go Dún Lúiche: Logainmneacha san Oidhreacht Cheilteach a cheannach dó. Sin nó, b’fhéidir, an t-atheagrán deas de Dinnseanachas na mBlascaodaí a d’fhoilsigh Cois Life in 1999.