Eolas

 

Traidisiún nua do mhuintir na Gaeilge is ea Leabhra Feabhra. Is Gaeil na mór-roinne a tháinig suas leis an smaoineamh i dtosach. Níl aon bhaint aige le stát, rialtas ná údarás. Ní eagraíocht é, ach féile. Pobal na Gaeilge a chuir tús leis agus is le pobal na Gaeilge é. Is leatsa é mar sin, a chara. Bain aoibhneas as.

Facebook: https://www.facebook.com/groups/leabhrafeabhra/

Twitter: @LeabhraFeabhra

Roinn grianghraf de do leabhar #leabhrafeabhra

Conas is féidir leatsa bheith páirteach ann?

Féile mhórchroíoch shuáilceach is ea Leabhra Feabhra agus is féidir a bheith páirteach sa traidisiún nua seo gan dua – níl le déanamh agat ach leabhar Gaeilge a cheannach agus é a bhronnadh ar dhuine an 1 Feabhra, Lá ‘le Bríde, bíodh sé ina chara leat nó ina dhuine de do mhuintir. Is féidir leat tiomnú a scríobh laistigh den leabhar freisin a chuirfidh i gcuimhne go deo don fhaighteoir gur chuimhnigh tú air nó uirthi an lá úd fadó! “Leabhra Feabhra faoi mhaise duit!” “Beannachtaí Fhéile na Leabhar ort!” “Beannachtaí na Féile Bríde duit”.

Más mian leat daoine eile a spreagadh le bheith páirteach sa traidisiún, téigh sa ghrúpa ar Facebook: Leabhra Feabhra – Lá Mór na Leabhar Gaeilge (https://www.facebook.com/groups/leabhrafeabhra/) áit is féidir leat moltaí a iarraidh nó a thabhairt. Roinn grianghraf den leabhar a fuair nó a bhronn tú, nó roinn ar Twitter é (‪#‎leabhrafeabhra‬). Ach ná stop ansin, inis do gach duine eile cad é do bharúil den leabhar a fuair tú! Agus inis dóibh faoin suíomh gréasáin seo.

Cén fáth an 1 Feabhra?

Lá mór i dtraidisiún na nGael is ea an 1 Feabhra mar is ar an lá sin a cheiliúrtar duine de phátrúin na hÉireann, Bríd, agus lá an-tábhachtach i bhféilire na gCeilteach ab ea é freisin. Tá súil againn go mbeidh an lá seo luaite le féile thábhachtach eile na nGael amach anseo – Leabhra Feabhra!

Arb eol duit go raibh baint ag Naomh Bríd leis na leabhair freisin? Bhunaigh sí teach screaptra ina cathair, agus is ann a rinneadh Leabhar Chill Dara – leabhar dathmhaisithe a ndúirt an Normannach Giraldus Cambrensis ina thaobh go raibh sé chomh hálainn dea-shaothraithe sin gur túisce a chreidfí gur ó lámha na n-aingeal é ná ó lámh an duine. Is léir mar sin go n-oireann Lá ‘le Bríde go seoigh d’fhéile ar a dtugann daoine leabhair Ghaeilge mar fhéiríní!

Advertisements

2 thoughts on “Eolas”

  1. Comhghairdeas libh as Leabhra Feabhra a thabhairt ar an saol, iontach an smaoineamh é! Tá’s agam go bhfuil díospóireacht ann faoi phóstaer na scríbhneoirí ón 20ú haois – an líníocht an-ealaíonta ach léiriú ar scríbhneoirí marbha agus gan ach bean amháin freisin. Seachas an póstaer sin a lochtú, áfach, séard a mholaim má tá deis chuige ná póstaer nua lena chois, ar a mbeadh roinnt clúdaí maithe comhaimseartha – msh cúpla úrscéal, gearrscéalta, filíocht, taisteal, beathaisnéis, cúpla leabhar do pháistí – chun cuid den réimse ildaite ilghnéitheach atá ar fáil a thaispeáint, mar aon le lógónna na siopaí leabhar ar líne is fearr, ina measc cnagsiopa.com, cic.ie, litriocht.com.
    Súil agam go mbeidh rath ar an bhféile agus comhghairdeas arís,
    Anna

    Moladh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Saibhriú teanga í a léamh

Molann %d blagálaí é seo: