“Dúbail, dúbail, dua agus deifir”

RothaMoranGhra

Tá ainm Shakespeare in airde ar fud na cruinne agus tá a chuid saothar ar fáil i mórchuid teangacha. Cad tá ar fáil sa teanga s’againne? Bhuel, tá Rotha Mór an Ghrá ann, cnuasach de shoinéid le Shakespeare a thugann blas de shaibhreas teanga an bhaird bhinnbhriathraigh. Ansin tá Traigéide Mhic Bheatha, ceann de na drámaí is mó ag bhfuil cion ag daoine air, agus atá in ábhar suime ag Gaeil go háirithe, ó tharla gur in Albain atá an sé suite. (Is deas na hainmneacha Gaelacha atá ann, m.sh. Donnchadh, Flaithrí, Mac Duibh, agus na logainmneacha,  m.sh. Dùn Sinnein, Scóin.)

Seo thíos sliocht fileata, a luaitear go minic, as an dráma sin:

Uaimh dhorcha. Toirneach. Corcán ar fiuchadh sa lár. Triúr Cailleach isteach.

Trí huaire do mheamhlaigh an cat buídhearg.
Uair is trí ghearán an ghráinneog.
Screadann an seabhac “in am, in am.”
Imígí timpeall an chorcáin.
Caithig isteach putóga gráin’.
In áras na bpiseog beiríg ar dtúis
An frag salach míghránna gnúis
A Chodail faoi leac tríocha lá is a haon
Gur dhein nimh úr dá allas bréan.
Dúbail, dúbail, dua agus deifir,
Loisc, a thine, is a chorcáin, beirigh.
Súile ghilnimheog na móinte
Sa corcán beiríg rósta,
Méar an fhroisc is súil na hairc’,
Teanga gadhair is olann bat.
Ladharghabhal nathrach, cealg péist’,
Caolchos ais is sciathán caoich
‘gComhair ortha diabhalta gan teora,
Nós anraith ifrinn beiríg scólta.
Dúbail, dúbail, dua agus deifir,
Loisc, a thine, is a chorcáin, beirigh.

Gníomh 4, Radharc 1

Ansin, tá Radhairc as Drámaí Shakespeare ann, le Gearóid Ó Lochlainn, saothar atá as cló, faraor. (Ba dheas dá gcuirfeadh An Gúm atheagrán de amach.). Seo thíos sliocht atá sa leabhar sin as Mar is Áil Libh:

Is stáitse an domhan iomlán;
Na fir is na mná, níl iontu ach aisteoirí,
Gach duine ag teacht is ag imeacht ar a sheal:
Is déanann fear a lán páirt lena linn.
Seach n-aoise tá sna gníomha. Naíon ar dtús é,
Ag meamhlaigh is ag urlacan ar ucht a bhuime.
Ansin ina scoláirín chaointeach gona mhála,
Snas maidne ar a aghaidh is é ag déanamh go hainneonach
De shnámh an tseilide ar scoil. Leannán ansin é,
Osnaíl fornéise as, is é ag ríomh dáin léanmhair
Faoi mhalaí stóir a chroí. Saighdiúir ar ball é,
Ag spalpadh mionn ait, féasóg air amhail an liopard,
Mór aige clú, é obann is praip i sparainn,
Is ag lorg na bolgóige sin, an cháil,
Fiú i mbéal an chanóin. Giúistís ansin é,
A bholg breá ramhar is líonáil de dhea-chabún ann,
Cruas ina dhearc is féasóg sa chruth nósúil air,
Flúirse nath críonna aige is nua-shamplaí dlí.
Déanann mar sin a pháirt. Sa séú haois dó
Athraíonn ina sheanfhear tanaí i slipéirí,
Spéaclaí ar a shrón is spaga lena chom,
Bríste óna óige air is é i bhfad ró-leathan
Dá chosa seirgthe; agus a mhórghuth fearúil
Ag iompú ar ais ina ghlóirín chaolard leinbh,
Is ag feadaíl is gíoglach ann. Is é an radharc deiridh
Is críoch don stair éagsúil, ileachtrach seo,
Athleanbaíocht, is é ag dul chun ceala iomláin,
Gan radharc, gan déad, gan blas, gan faic na ngrást.

Gníomh 2, Radharc 7

Féach go bhfuil saothar eile le Mac Uí Lochlainn fós i gcló/ar díol, mar atá Ealaín na hAmharclainne, gearrchuntas suimiúil ar stair an téatair, a stair in Éirinn san áireamh. Níl ach €2.54 air i siopa leabhar Chonradh na Gaeilge.

Scéal thairis: is minic a thugtar the Sweet Bard of Avon ar Shakespeare nó ba as Stratford-on-Avon dó. Tá gaol ag an bhfocal avon le ‘abhainn’ (agus tá bunús ceilteach ag an bhfocal bard, leis). Má mheasann tú go mbeadh spéis ag an duine a bhfuil tú ag beartú leabhar a bhronnadh air Lá Fhéile Bríde, go mbeadh spéis aige i mblúirí eolais den saghas sin faoi logainmneacha, cuimhnigh ar Ó Lyon go Dún Lúiche: Logainmneacha san Oidhreacht Cheilteach a cheannach dó. Sin nó, b’fhéidir, an t-atheagrán deas de Dinnseanachas na mBlascaodaí a d’fhoilsigh Cois Life in 1999.

Advertisements

Tábhacht an chlúdaigh

Seo thíos íomhá de roinnt leabhar a d’fhoilsigh Sáirséal agus Dill agus FNT (Foilseacháin Náisiúnta Teoranta) sna 1950idí agus sna 1960idí. Is deas agus is tarraingteach i gcónaí an saghas ealaíne atá ar chlúdach gach ceann acu. Tá moladh ag dul do na foilsitheoirí sin a chaitheann dua leis na gnéithe aestéitiúla dá gcuid leabhar arae is móide pléisiúr na léitheoireachta an leabhar a bheith ina réad álainn.

Clúdaigh chlaiseacacha

 

dréacht suimiúil ar bhlag Cois Life i dtaobh na ceiste seo. Ag seo an chéad pharagraf de:

Mar fhoilsitheoirí, caithimid an chuid is mó dár ama ag léamh téacsanna, agus á gcur in ord is in eagar. Ach is rud iontach fisiciúil é an leabhar: ní hionann leabhar agus bailiúchán focal. Is cuma cé chomh cruthanta is atá an scéal, cuireann crut ar leith an leabhair le sult an léitheora, nó baineann sé an sult sin de. Táimid an-bhródúil in Cois Life nach gcuirtear srian ar an nGaelachas ó thús go deireadh an phróisis, sé sin, ní hamháin go bhfuil na leabhair scríofa as Gaeilge, ach deartha agus curtha i gcló in Éirinn, agus ar an gcaighdeán is airde. Dar linn, tá ár leabhair galánta, gleoite, chomh maith le suimiúil, so-léite! Níl sé éasca leabhar den saghas seo a fhoilsiú: tá orainn díriú isteach ar chuile cuid den leabhar, idir friotal, leagan amach agus dearadh. Ag pointe áirithe, nuair atáimid sásta leis an téacs, tá orainn tús áite a thabhairt do cheisteanna eile.

“Níl sé de cheart ag duine ar bith teorainn a chur le máirseáil náisiúin”

 

parnell

Má thaitníonn seanleabhair leis an té a bhfuil sé ar intinn agat leabhar a thabhairt dó Lá Fhéile Bríde, b’fhiú go mór duit súil a chaitheamh ar an stoc mór de leabhair athláimhe Ghaeilge atá ar díol ag muintir Uí Neachtain i nDún Laoghaire. (Is fiú buaileadh isteach ag an siopa féin nó áit dheas cois cladaigh atá ann, é suite sa chuid íochtair de theach Victeoireach, faoi urchar méaróige den túr Martello i gCuas an Ghainimh).

Is sa siopa sin a fuair mé cóip de Parnell le Leon Ó Broin (1957), leabhar toirtúil (tá 566 leathanach ann) is fiú a léamh i gcónaí. I dtosach an leabhair tá an giota seo thíos as an óráid cháiliúl a thug an Parnellach tá 131 bliain ó shin, ach dhá lá:

Ní thig linn níos lú a iarraidh ná Parlaimint Grattan a thabhairt ar ais dúinn maille lena pribhléidí tábhachtacha is a bunreacht forleathan. Ní thig linn, faoi bhunreacht Shasana, breis is Parlaimint Grattan a iarraidh. Ach níl sé de cheart ag duine ar bith teorainn a chur le máirseáil náisiúin. Níl sé de cheart ag duine ar bith a rá ‘Rachaidh tú an fad seo agus ní rachaidh tú thairis sin’; agus níor fhéachamarna riamh an ne plus ultra sin a chur le forás náisiúntacht na hÉireann, agus ní dhéanfaimid go brách é.
Corcaigh, 21 Eanáir, 1885

Lascainí Lá Fhéile Bríde

Dea-scéala daoibh, a léitheoirí craosacha. Arís eile, tá roinnt foilsitheoirí ag tairiscint lascaine 20% ina gcuid leabhar chun Leabhra Feabhra a cheiliúradh. Siod iad na foilsitheoirí:

www.futafata.ie

www.cic.ie

www.coislife.ie

www.leabharbreac.com

www.eabhloid.com

www.timire.ie

agus

an siopa leabhar www.litriocht.com (lascaine 15%; úsáidtear an cód ‘LF16’)

An Ceathrú Póilí i mBéal Feirste (lascaine 15%; sa siopa féin amháin)

‘Má tá lascaine agat, níl aon leithscéal agat’, mar a dúirt an té a dúirt! Téigí agus ceannaigí leabhar mar bhronntanas!

Pádraig Ua Maoileoin

Pádraig Ua Maoileoin

Tá airde na binne d’fhéar glas ar an gcuid is fearr de shaibhreas teanga suaithinseach Phádraig Ua Mhaoileoin. D’fháisc sé as an dúchas an binneas sin atá ag ráthaíocht trína shaothar. Bhí ann féith na samhlaíochta go smior. Ba dhual athar chríonna agus uncail dó é.

Ar na leabhair leis atá fós i gcló agus ar díol tá: Na hAird ó Thuaidh (cur síos ar a óige agus ar na daoine a d’fhág lorg air), Iomairí Críche (cuntas ar a shaol agus ar mheascán mór eile ábhar), Macadúna (cuntas cuimsitheach ar a shaol), De Réir Uimhreacha (an t-údar ina ‘rúcach dearg’ agus saol an Gharda i ndán dó), Dúlra Duibhneach (díolaim breá focal dúlra as Corca Dhuibhne) agus Bríde Bhán (Bríde na dúthaí ina steillbheatha!).

Fear ildánach ab ea an Maoileonach a bhí bisiúil i mórchuid gort. Ba é an d’aistrigh an leabhar dlí Dlí na fianaise in Éirinn; bhí an-teist air mar aistritheoir.

Chaith sé na fiacla leis an bhfoclóireacht, leis. Bhí sé ar fhoireann an fhoclóra a thug an Foclóir Gaeilge-Béarla ón mbroinn chun an tsaoil sa bhliain 1977. Thug sé seal eile ag obair le Niall Ó Dónaill ar an bhFoclóir Beag, seoidín de leabhar tagartha ar seoladh leagan úr leictreonach aige ag Oireachtas na Samhna 2015.

Duine de mhórscríbhneoirí Éireannacha an chéid seo caite is ea Pádraig Ua Maoileoin; téir agus ceannaigh leabhar dá chuid le haghaidh Leabhra Feabhra!

Saibhriú teanga í a léamh