Oireachtas na Gaeilge 2015

Má tá tú ag an Oireachtas i mbliana tapaigh an deis le lear mór leabhar a cheannach! Agus bí ag faire amach don fhógra i gClár an Oireachtais faoin traidisiún nua Gaelach – leabhar a thabhairt mar bhronntanas Lá ‘le Bríde. Bain súp as!

Tá Leabhra Feabhra ar Facebook, Twitter agus Instagram leis. Bí páirteach ann… Bronn leabhar!

Fógra Leabhra Feabhra

Advertisements

Churchill vs De Valera

Ar cheann eile de na nithe suimiúla eile atá in Ón nGorta Anall (féach an t-alt thíos), tá na giotaí a thugtar den bhriatharchath idir Churchill agus De Valera a d’éirigh go luath i ndiaidh dheireadh an Dara Cogadh Domhanda nuair a cháin Churchill beartas neodrachta na hÉireann le linn an chogaidh. Seo mar a labhair sé san Óráid Bhua a thug sé an 13 Bealtaine 1945:

Churchill

Pointe an-chontúirteacht inár saol ba ea é seo [tosach 1941] agus murach dílseacht agus cairdeas Thuaisceart Éireann bheadh orainn dul i ngleic leis an Uasal De Valera nó chaillfí de dhroim an domhain choíche muid. Ach níor imir rialtas a Mhórgachta lámh láidir ar bith orthu, cé go mbeadh sé furasta go leor agus nádúrtha go leor in amanna. Choinníomar smacht orainn féin agus bhíomar stuama. Féadaim a rá nach bhfaighfear puinn cosúlachtaí leis an iompar sin in imeacht na staire. D’fhágamar rialtas De Valera ag súgradh leis na Géarmánaigh, agus, níos déanaí, le hionadaithe na Seapáine, oiread agus ab áil leo. (Lch 233)

Seo cuid den fhreagra a thug De Valera air sin ceithre lá níos déanaí:

De Valera

Is léir ón Uasal Churchill go sáródh sé ár neodracht i gcúinsí áirithe. Chosnódh sé a ghníomh ar bhonn riachtanais na Breataine. Dealraíonn sé domsa gurb ait an scéal é mura bhfeiceann an tUasal Churchill dá nglacfaí leis sin go bhfágfadh sé go mbeadh riachtanas na Breataine ina chód mórálta. Nuair a bheadh an riachtanas sin mór go leor ní chuirfí cearta daoine eile san áireamh …Tá an tUasal Churchill mórálach as seasamh aonair na Breataine i ndiaidh thurnamh na Fraince sular tháinig Meiriceá isteach sa chogadh. Nach bhfuil sé de fhlaithiúlacht ina chroí a admháil go bhfuil náisiún beag ann a sheas ina aonar in aghaidh an ionsaithe, ní ar feadh cúpla bliain ach ar feadh na gcéadta bliain; náisiún nach nglacfadh le briseadh riamh agus nár chaill an spiorad riamh? (Lch 234)

‘Ón nGorta Anall’ & Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh

On nGorta anall

Tá géarghanntanas leabhar staire i nGaeilge. An té a bheadh ag iarraidh eolas a chur ar Stair na hÉireann, bheadh sé go mór i dtuilleamaí leabhair Ardteiste, is baolach. Ar cheann de na téacsleabhair is suimiúla atá ar fáil tá Ón nGorta Anall (Mark Tierney, 1982). Tá cuntas cuimsitheach ann ar stair na hÉireann ón Drochshaol go dtí 1969. Téacsleabhar ar an sean-nós is ea é – níl oiread is pictiúr amháin ann! Ach is fearr an t-ábhar léitheoireachta é dá bharr sin.

Ón nGorta Anall lán d’eolas suimiúil agus tá nithe ann nach bhfeictear go minic i nGaeilge. A leithéid seo thíos, cuir i gcás, Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh (féach lch 92).

Ní fada go mbeidh 103 bliain ann ó tíolacadh an Cúnant (an 28 Meán Fómhair 1912 dáta a thíolactha), agus a bhuí le Ón nGorta Anall tá caoi ag pobal na Gaeilge ábhar na cáipéise staire seo – cáipéis a bhfuil an-tábhacht ag roinnt léi – tá caoi acu í a mheas ina dteanga féin. Déanaidís amhlaidh.

CONRADH AGUS CÚNANT SOLLÚNTA ULADH

Ós rud é go bhfuilimid deimhin de inár gcoinsias istigh go ndéanfadh Rialtais Dúchais aimhleas chúige Uladh agus na hÉireann ar fad, go gcuirfeadh sé ár saoirse shibhialta agus reiligiúnach de dhroim seoil, go gcuirfeadh sé ár saoránacht ó mhaith agus aontacht na hImpireachta i mbaol, mionnaímid, fir Uladh, géillsinigh dhílse a Mhórgachta Rí Seoirse V, atá ag brath go humhal ar an Dia inar chuir ár sinsir a muinín in am an angair is an ghátair agus a bhfuil ár n-ainm leis an gCúnant sollúnta seo, mionnaímid anois agus an anachain ag bagairt orainne go seasfaimid le chéile chun cosaint a dhéanamh, ar ár son féin agus ar son ár gcuid leanaí, ar an stádas ansa a dheonaíonn dúinn comhshaoránacht sa Ríocht Aontaithe, agus go n-úsáidfimid modh ar bith is gá chun buachan ar an gcomhcheilg atá ag féachaint le Rialtas Dúchais a bhunú in Éirinn faoi láthair agus chun an chomhcheilg sin a chur ar neamhní.

Agus dá dtarlódh go mbrúfaí a leithéid de pharlaimint orainn tugaimid uilig mionn sollúnta eile i gcomhar a chéile go ndiúltóimid a húdarás a admháil.

Cuirimid ár n-ainm leis seo agus muid lánmhuiníneach go gcosnóidh Dia an ceart.

Agus ina theannta sin, dearbhaímid go pearsanta nach bhfuil an cúnant seo sínithe againn cheana.

GO gCUMHDAÍ DIA AN RÍ

Leabhair faoi Dhónall Ó Conaill

O Conaill

En cet instant, quelques eaux-fortes suspendues à la paroi et que je n’avais pas remarquées pendant ma première visite, frappèrent mes regards. C’étaient des portraits, des portraits de ces grands hommes historiques dont l’existence n’a été qu’un perpétuel dévouement à une grande idée humaine, Kosciusko, le héros tombé au cri de Finis Polonioe, Botzaris, le Léonidas de la Grèce moderne, O’Connell, le défenseur de l’Irlande, Washington, le fondateur de l’Union américaine, Manin, le patriote italien, Lincoln, tombé sous la balle d’un esclavagiste, et enfin, ce martyr de l’affranchissement de la race noire, John Brown, suspendu à son gibet, tel que l’a si terriblement dessiné le crayon de Victor Hugo.

’20, 000 Léig Faoi Mhuir’*, Jules Verne (1870)

Faoi mar a léiríonn an sliocht thuas as 20,000 Léig Faoi Mhuir, ina gcuirtear síos ar na tírghrátheoirí mór le rá a raibh a bportráid ar crochadh ar an mballa i gcábán an Chaptaein Nemo sa bhfomhuireán an Nautilus, leathnaigh clú Dhónaill Uí Chonaill thar chladaí na hÉireann, agus beidh scoil samhraidh ar siúl an 28 agus 29 Lúnasa i gCathair Saidhbhín chun a oidhreacht a cheiliúradh. Tá tuilleadh eolais i dtaobh na scoile samhraidh san agallamh seo le Muiris Ó Bric, duine de lucht eagraithe na scoile, a craoladh ar an Saol ó Dheas Dé hAoine 21 Lúnasa.

Aon duine a bhfuil sé beartaithe aige freastal ar an scoil samhraidh, b’fhéidir gur mhaith leis beagán a léamh faoin bhFuascailteoir roimh ré. Ag seo roinnt moltaí:

  1. Beatha Dhomhnaill Uí Chonaill, Domhnall Ó Suilleabháin (1936);
  2. Dónall Ó Conaill, An tAthair Antaine Ó Duibhir (1949, 1967);
  3. An Rí gan Choróin: Dónall Ó Conaill sa Bhéaloideas, Ríonach Uí Ógáin (1984);
  4. An Dragún Dian, Seán Mac an tSíthigh (2005).

Saghas tour de force Gaeilge is ea leabhar an Athar Antaine Ó Duibhir (cé hé féin? ar scríobh sé a dhath eile?), agus is deas, go háirithe, a chuntas ar thrialacha comhcheilge Dhún ar Aill, a tharla nuair a casadh go bréagach ar roinnt tionóntaí gur bheartaigh siad a dtiarna talún a dhúnmharú (féach lgh 167-171 d’eagrán 1967). Chosain an Conallach na tionóntaí agus thabhaigh an dóigh sciliúil chliste a láimhseáil sé an chosaint clú mór dó féin. (Dála an scéil, tá cuntas blasta ficseanúil air seo in Gleann an Áir, leis an gCanónach Ó Síocháin, úrscéal a d’aistrigh Tomás de Bhial).

An bhfuil a fhios agaibh aon leabhair eile i nGaeilge faoin gConallach? Is bocht an scéal é mura bhfuil ach ceithre cinn ann!

*Faraor, ní ann do leagan Gaeilge den úrscéal seo, ach fuarthas an t-aistriúchán seo ar a theideal sa leabhar suimiúil Longa, a d’aistrigh Pádraig Ua Maoileoin ón bhFraincis.

‘An Fuadach’ & Leabhar Breac

Fuadach

Tá ráfla ag imeacht go bhfuil sé beartaithe ag Leabhar Breac An Fuadach le R.L. Stevenson a fhoilsiú. Níl aon eolas againn ina thaobh seo ach is é is dóichí gur atheagrán d’aistriúchán Leon Uí Bhroin a foilsíodh in 1931 a bheidh ann (aistriúchán ar foilsíodh eagrán ciorraithe scoile de in 1965). Cibé ar bith, tá sceitimíní ar go leor léitheoirí de bharr na nuachta seo agus is fada leo dáta an fhoilsithe (agus dé bhrí gurb é Leabhar Breac an foilsitheoir, is féidir a bheith deimhin de go mbeidh dearadh an leabhair ar ardchaighdeán).

Is rímhaith go mbeidh fáil arís ar an úrscéal seo, óir ní hé amháin gur úrscéal an-suimiúil é An Fuadach – go deimhin is ropleabhar é – ach tá spéis ag Gaeil ann ó foilsíodh é in 1886 de bhrí go dtráchtar ann ar an gcaidreamh idir Gael is Gall, ar an ról atá ag an dá chine sin i bhféiniúlacht na hAlban go háirithe.

Rud eile de, dealraíonn sé go bhfuil an Stevensonach ar an scríbhneoir is mó ar aistríodh a shaothair go Gaeilge – tá siad sé cinn ann san iomlán, mar atá: Cás Aduain an Dr Jekyll agus Mhr Hyde (1929, 2014); An FuadachCaitríona (1934, arna aistriú ag an sáraistritheoir Seán Mac Maoláin); Mé Féin is M’Asal (1937, arna aistriú ag Seán Ó Ruadháin, fear na géarchúise gramadaí agus údar Ceart nó Mícheart), leabhar gearr taitneamhach faoi thuras sa bhFrainc a rinne Stevenson, leabhar a bhfuil meas air ag lucht labhartha na Fraincise i gcónaí; an clasaiceach, Maighistir Bhaile na Trágha (1938, arna aistriú ag Niall Ó Dónaill foclóirí); agus an ceann is úire, Oileán an Órchiste (Leabhar Breac, 2014).

“Mo thrí thrua naoi n-uaire a mbaois – d’fhágadar seilbh againn ar mhairbh na bhFiann”

Tamall de laethanta ó shin cuireadh tús le tógáil an Ionaid Oidhreachta atá sé beartaithe a chur le Teach an Phiarsaigh i Ros Muc. Tá an Piarsach luaite go mór leis an óráid cháiliúil a thug sé cois uaigh Dhiarmada Uí Dhonnabháin Rosa an 1 Lúnasa 1915, agus go deimhin tá bileog dheas ar fáil i dTeach an Phiarsaigh ina bhfuil téacs na cainte a rinneadh an lá sin. Is i mBéarla a dúradh an chuid is mó den chaint (uaidh “Dhealraigh sé…” ar aghaidh, thíos) ach is cuí, ós ní é go bhfuil tréimhse thábhachtach chuimhneacháin i stair na hÉireann buailte linn, agus ós ní é go raibh ainbhéarsáid bhás an Donnabhánaigh ann le deireaneas, is cuí meabhrú do dhaoine gurb ann do leagan Gaeilge den óráid.

Ag seo an tiontú a rinne an ‘saor teangan’ Seán Ó Lúing ina leabhar Ó Donnabháin Rosa II (Sáirséal agus Dill, 1979). (Rinneadh leasuithe beaga ar an mbuntéacs.)

 

An Piarsach (1)

A Ghaela,

Iarradh ormsa labhairt inniu ar son a bhfuil cruinnithe ar an láthair seo agus ar son a bhfuil beo de Chlanna Gael, ag moladh an leoin a leagamar i gcré anseo agus ag gríosú mheanma na gcarad atá go brónach ina dhiaidh.

A chairde, ná bíodh brón ar éinne atá ina sheasamh ag an uaigh seo, ach bíodh buíochas againn inár gcroíthe do Dhia na ngrás a chruthaigh anam uasal álainn Dhiarmuda Uí Dhonnabháin Rosa agus a thug ré fhada dó ar an saol seo.

Ba chalma an fear thú, a Dhiarmuid. Is tréan a d’fhear tú cath ar son chearta do chine, is ní beag ar fhulaing tú; agus ní dhéanfaidh Gaeil dearmad ort go brách na breithe.

Ach, a chairde, ná bíodh brón orainn, ach bíodh misneach inár gcroíthe agus bíodh neart inár gcuislí, óir cuimhnímis nach mbíonn aon bhás ann nach mbíonn aiséirí ina dhiaidh, agus gurb as an uaigh seo agus as na huaigheanna atá inár dtimpeall a éireoidh saoirse Gael.

Dhealraigh sé a bheith ceart sula dtiontóimid aghaidh ón láthair seo ina bhfuil corp Uí Dhonnabháin Rosa curtha againn, go ndéanfadh duine againn, thar ár gceann go léir, moladh an fhir chalma sin a labhairt, agus tabhairt faoin smaoineamh agus an dóchas atá ionainn a nochtadh ag seasamh dúinn ar imeall a uaighe. Agus má tá aon ní ann a thug gur chóir gur mise a labhródh anseo seachas duine éigin eile, mise seachas duine de na fir fholtliatha úd a bhí óg ina theannta agus a bhí páirteach leis ina shaothar agus ina chruatan, is é rud é b’fhéidir ná gur duine óg mise atá in ainm a bheith ag labhairt thar ceann glúin nua a athbhaisteadh i gcreideamh na bhFíníní agus atá tar éis é ghabháil de gheasa orthu féin cuspóir na bhFíníní a chomhlíonadh. Cuirim in bhur láthair dá bhrí sin go nglacaimid arís le baiste na hathnuachana ar bhruach uaigh an fhir Féinne seo nár shéan Fíníneachas; go n-iarrfaimis, ar bhord uaigh an churaidh seo nár ghlac riamh le cloí agus nárbh fhéidir cloí, go n-iarrfaimis gach duine againn ar a shon féin, rún aigne foirtil, misneach chomh hardchalma, neart anama chomh dearbh dobhriste agus bhí ag Ó Donnabháin Rosa. Tugaimid go deonach le fios don saol anseo, faoi mar thug seisean le fios i ngabhann na gallchúirte, nach bhfuil le freastal againne mar Éireannaigh ach an t-aon dílseacht amháin. Sinne a bhaineann le hÓglaigh na hÉireann, agus sibhse atá i gcomhar linn i saothar an lae seo, táimid nasctha agus ní foláir dúinn seasamh le chéile feasta inár n-aontas bráthar chun saoirse na hÉireann a bhaint amach. Agus ní heol dúinne ach an t-aon tuairisc amháin ar shaoirse: sin é tuairisc Tone, sin é tuairisc Mhitchel, sin é tuairisc Rosa. Ná cuireadh aon fhear masla ar an gcúis sin trí aon teideal ná tuairisc eile a cheapadh dó ach amháin an teideal agus an tuairisc a cheap siadsan dó a shaothraigh le fuil a gcroí ina chomhair, clanna básaithe Éireann.

Ní buairt ná brón atá orainn ag seasamh le hais uaigh Rosa ach uaillghairdeas meanman gur tugadh dúinn bheith i gcairdeas anama chomh dlúth leis an nGael sárchróga seo. Cothaítear cúiseanna naofa lonracha ag fir atá naofa lonrach iad féin. Bhí Ó Donnabháin Rosa lonrach ina cháilíocht mhaorga fir, lonrach ina ghrás curata, lonrach leis an neart agus an léargas agus an fhírinne ghlé Ghaelach a bhí fuinte ann. Agus bhí an lonracht agus an mhaorgacht agus an neart uile sin ag gabháil le dúthracht umhal shimplí ar son na hÉireann, le gach a raibh sean agus álainn agus Gaelach, le naofacht agus fíre thírghrách leithéid Mhichíl Uí Chléirigh nó Eoghain Uí Ghramhnaigh. Chonacthas do shúile glé glana an fhir seo, agus dósan amháin beagnach ina ré, fís na hÉireann faoi mar ba mhaith linne go deimhin í a bheith – Éire saor agus fós í Gaelach; Éire Gaelach gan práinn ar shaoirse.

I gcaidreamh spioradálta níos gaire dúinn leis anois ná riamh cheana nó b’fhéidir choíche arís, i gcaidreamh spioradálta leis na fir, beo agus marbh, a fuair anró ina theannta ina lá i bpríosúin Shasana, i gcaidreamh meanman freisin lenár gcomrádaithe ionúine féin atá ag fulaingt i bpríosúin Shasana inniu, agus ag labhairt dúinn thar a gceannsan farainn féin, cuirimid faoi gheall ar son na hÉireann ár n-ansacht, agus in aghaidh cheannas Shasana in Éirinn ár ndeargfhuath. Áit síochána an áit seo, loc beannaithe na marbh, inar chóir dúinn labhairt leis an uile charthanas agus cuibheas, ach creidim, faoi mar a chreid Ó Donnabháin Rosa, gur Críostaí an rud é fuath a thabhairt don olc, fuath a thabhairt don bhréag, fuath a thabhairt don ansmacht, agus le neart fuatha dóibh, aghaidh a thabhairt ar a dtreascairt. Tá ár naimhde tréan agus eolach airdeallach; ach má tá siad féin tréan agus eolach agus airdeallach ní féidir leo náid a dhéanamh d’fhearta Dé, a thugann bláth i gcroí na bhfear óg ar an síol a chuir na fir óga a bhain le glúin a chuaigh rompusan. Tá bláth míorúilteach ag teacht inniu ar an síol a chuir fir óga ’65 agus ’67. Ní mór do lucht Rialaithe agus Cosanta na dTiarnas a bheith aireach más áil leo gluaiseachtaí dá shórtsan a shárú. Bláthaíonn beatha ó bhás, agus éiríonn náisiúin bheo aníos ón úir a chumhdaíonn taisí na laoch, idir fhir agus mhná. Tá gnó deisiúil déanta os ard agus os íseal ag Cosantóirí an Tiarnais seo. Is dóigh leo go bhfuil Éire ceansaithe acu. Is dóigh leo go bhfuil a leath againn ceannaithe acu agus an leath eile scanraithe. Is dóigh leo go bhfuil gach bearna dúnta acu agus gach réiteach curtha i ndeimhin acu, ach mo thrí thrua naoi n-uaire a mbaois – d’fhág siad seilbh againn ar mhairbh na bhFiann agus fad a bheidh taisí na bhfear sin in úir na hÉireann ní bheidh Éire, in uireasa na saoirse, go brách ar suaimhneas.

NB: Tá cóipeanna de Ó Donnabháin Rosa II ar díol ag Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge, agus má tuilleadh eolais uait i dtaobh Mhic Uí Lúing agus na saothar dá chuid a d’fhoilsigh Sáirséal agus Dill, is fiú go mór fios a chur ar chóip den leabhar álainn suimiúil Sáirséal agus Dill, 1947–1981: Scéal Foilsitheora (Cló Iar-Chonnacht, 2015).

 photo sol

An Dearbhú: “Go raibh maith agat” agus “slán”

Tá daoine ag déanamh an dearbhaithe seo le cur le “feiceálacht” na Gaeilge sa tír. Is fiú go mór é:

Is iomaí duine in Éirinn nach dtuigeann tábhacht na Gaeilge dár bhféiniúlacht, ná an áilleacht agus an mórtas cine atá inti. Is iomaí duine eile a thuigeann na nithe sin ach a chreideann an bhréag gur le mionlach beag basctha an teanga. Is amhlaidh atá toisc nach gcloiseann siad riamh í ar bhéalaibh na gnáthmhuintire sa tsráid. Le mo chion beag féin a dhéanamh chun é sin a leigheas agus chun luach ár dteanga a roinnt leis an méid is mó is féidir dár bpobal, DEARBHAÍM go n-úsáidfidh mé feasta “Go raibh maith agat/agaibh” agus “Slán” mar ghnáthnathanna in Éirinn i gcaitheamh mo shaoil gach lá.

Má tá tusa sásta an gníomh seo a dhéanamh, roinn an teachtaireacht seo (Twitter, Facebook, blag, ríomhphost nó eile) lena léiriú go bhfuil an dearbhú déanta agat.

Saibhriú teanga í a léamh